Rochtain ar Fhaisnéis faoin Timpeallacht (RFT)
  1. Cad is ea RFT?

Tháinig na rialacháin maidir leis an gceist seo (European Communities (Access to Information on the Environment) Regulations 2007) i bhfeidhm 1 Bealtaine  2007 agus leasú i bhfeidhm 23 Nollaig 2011 [European Communities  (Access to Information on the Environment) (Amendment) Regulations 2011].  Ba chóir an dá phíosa reachtaíochta a léamh i dteannta a chéile, plé leo mar aonad agus tagairt dóibh mar seo a leanas: The European Communities (Access to Information on the Environment) Regulations 2007-2014.

  1. Conas is féidir iarratas ar Rochtain ar Fhaisnéis faoin Timpeallacht (iarratas RFT)?

Más mian leat rochtain a fháil ar fhaisnéis faoin timpeallacht faoi rialacháin RFT an Aontais Eorpaigh:

  • Is gá iarratas a dhéanamh i scríbhinn nó ar ríomhphost;
  • Is gá a thabhairt le fios go bhfuil an fhaisnéis ata á lorg faoi rialacháin RFT;
  • Is ga bheith chomh soiléir agus sonrach agus is féidir agus an t-iarratas á dhéanamh agus a oiread agus is féidir le gur féidir na taifid atá uait a aithint;
  • Ní gá fáth/míniú a thabhairt cén fáth a bhfuil an t-iarratas á dhéanamh agat;
  • Dá mba mhian leat rochtain a fháil ar fhaisnéis/taifid i bhformáid ar leith (m.sh. fótachóipeanna, go leictreonach srl.), luaigh é seo le do thoil, an tráth a dhéanann tú d’iarratas.
  • Tabhair uimhir gutháin i rith an lae nó seoladh ríomhphoist agus do sheoladh baile le cabhrú linn teagmháil leat má ardaítear ceisteanna maidir le d’iarratas.
  • Ba chóir iarratais a chur chuig:

An tOifigeach RFT,

Aonad Saoráil Faisnéise /

Rochtain ar Fhaisnéis faoin Timpeallacht

Foras na Gaeilge,

63-66 Sráid Amiens,

Baile Átha Cliath 1

Nó is féidir iarratais a chur de ríomhphost chuig socearnaigh@forasnagaeilge.ie .

Más deacair leat na taifid chruinne atá uait a aithint, beimid sásta cabhair a thairiscint duit. you.

Gheobhaidh tú admháil ar d’iarratas i scríbhinn nó i ríomhphost laistigh de 10 lá oibre/ Tabharfaidh an admháil duit chomh maith ainm agus sonraí teagmhála an duine a bheidh ag glacadh an chinnidh faoi d’iarratas agus cuirfear in iúl cathain is féidir bheith ag súil leis an gcinneadh.