Díríonn an scéim seo ar mhór-imeachtaí a bhfuil d'aidhm acu an Ghaeilge agus na healaíona...
Stádas
Dúnta
Dáta Deiridh
22 Deireadh Fomhair 2021

Aidhm

Díríonn an scéim seo ar mhór-imeachtaí a bhfuil d’aidhm acu an Ghaeilge agus na healaíona teangabhunaithe Gaeilge a chothú agus a chur chun cinn trí mheán na Gaeilge nó go dátheangach mar dhlúthchuid de mhór-imeacht. Lena chois sin díríonn an scéim seo ar na gréasáin shóisialta Ghaeilge, ar an mórphobal agus ar earnáil na n-ealaíon ar bhonn uile-oileáin agus go hidirnáisiúnta.

Beidh Scéim na Mór-Imeachtaí Ealaíon oscailte do ghrúpaí gairmiúla cuí chun deis a thabhairt dóibh forbairt a dhéanamh ar mhór-imeachtaí ealaíon nó ar ghnéithe de mhór-imeachtaí ealaíon atá á reáchtáil agus á gcur i bhfeidhm trí mheán na Gaeilge nó a bhfuil na healaíona teangabhunaithe Gaeilge mar chuid lárnach díobh.