Acmhainní Gnó

Más mian leat an chéad chéim a thógáil chun do ghnó a Ghaelú, níl tús áite níos fearr ná seo. Tá bileoga eolais ar fáil chomh maith le lámhleabhair théarmaíochta, comharthaí Gaeilge agus dátheangacha agus stáiseanóireacht. Tá gach rud ar fáil ó Fhoras na Gaeilge saor in aisce. Is féidir rud amháin a ordú ina aonar nó gach rud a ordú le chéile mar phacáiste iomlán.

Déanfaimid na hacmhainní thíos a sholáthar ach iad a bheith ar fáil.

Foirm Ordaithe

home_blank

Paca Comharthaí Ginearálta

Beidh tú in ann d’oifig / láthair ghnó a ghaelú leis na comharthaí dátheangacha féinghreamaitheacha seo. Sa phaca gheobhaidh tú na comharthaí seo a leanas: Leithris, Deasc Fáiltithe, Príobháideach, Chugat x 2, Uait x 2, Seomra Feithimh, Amach, Láthair Chaite Tobac, Seomra Cruinnithe, Fáilte Isteach, Ardaitheoir go gach leibhéal, Tabhair leat ceann le do thoil, Seomra Foirne, Oifig an Bhainisteora, Uaireanta Oscailte, Foireann Amháin, Seirbhísí Custaiméara agus Clár Fógraí.

home_blank

Paca Comharthaí, Fáilteachas

Beidh tú in ann do bheár/bhialann/chaifé/óstán a ghaelú leis na comharthaí dátheangacha féinghreamaitheacha seo. Sa phaca gheobhaidh tú na comharthaí seo a leanas: Bialann, Tolglann, Beár, Bain taitneamh as do chuairt, Eolas do Thurasóirí, Ionad Fóillíochta, Spólann, Tar ar ais le do thoil, Poirtéir, Bia Tábhairne ar Fáil, Seirbhís ag an mbord, Bálseomra, Curtha in áirithe, Seomraí Leapa, Seomra Comhdhála, Iarr ar chúnamh anseo, Chugat x 2 agus Uait x 2.

home_blank

Paca Comharthaí, Miondíol

Beidh tú in ann do shiopa a ghaelú leis na comharthaí dátheangacha féinghreamaitheacha seo. Istigh sa phaca gheobhaidh tú na comharthaí seo a leanas: Íoc anseo le do thoil, Go raibh maith agat as do chustaiméireacht, Creidmheas i gcomhair guthán póca ar fáil, Nuachtáin, Báicéireacht, Milseogra, Torthaí & Glasraí, Earraí Maisíochta, Stáiseanóireacht, Eischeadúnas, Bianna Reoite, Déirí, Grósaeireacht, Réidh le hIthe, Éadaitheoireacht, Ar lacáiste, Ilchineálach, Deochanna, Ciseáin Siopadóireachta agus Fáilte Roimh Ghaeilge.

home_blank

Galf le Gaeilge

Lipéid dhátheangacha do mhálaí gailf le gluais bheag air ionas gur féidir leat a rá i nGaeilge cén cis atá agat a bheith ag gearrán i nGaeilge faoi thromluí nó ag ceiliúradh dreoilín thar mínligh glasa na hÉireann agus níos faide i gcéin.

home_blank

Catalóg de Chomharthaí Dátheangacha

Catalóg de chomórthaí Dátheangacha

Is catalóg í seo de chomharthaí dátheangacha atá faofa de réir Threoracha Sláinte & Sábháilteachta an AE agus ag an gCoiste Téarmaíochta.

home_blank

Comhartha Balla Déthaobhach Inscríofa

Comhartha Balla Déthaobhach Inscríofa NUA

Is féidir an comhartha seo a úsáid chun léiriú don tomhaltóir cé sa ghnólacht a bhfuil Gaeilge líofa nó cúpla focal acu.

home_blank

Comhartha Fuinneoige – ‘Tá Cúpla Focal Agam’

Comhartha-Fuinneoige

Is féidir leat a insint don domhan mór go bhfuil cúpla focal Gaeilge agat agus gur mian leat iad a úsáid tríd an gcomhartha fuinneoige seo a ghreamú. Is féidir an comhartha a ghreamú den fhuinneog leis an sú-ghreamán atá air.

home_blank

Comhartha Seilfe Íoc Anseo

Beidh a fhios ag do chustaiméirí cén áit le híoc leis an gcomhartha seo.

home_blank

Comhartha Seilfe – ‘Tá Gaeilge Agam’

Seo comhartha greamaitheach ar féidir leat a chur in aice leis an deisc sheirbhíse nó leis an scipéad airgid nó ar an gcuntar chun do chustaiméirí a spreagadh chun seirbhís trí Ghaeilge a iarraidh.

home_blank

Leabhrán – ‘A Little Irish Made Easy’

Leabhrán – A Little Irish Made Easy

Cuideoidh an leabhrán beag seo leat frásaí úsáideacha a rá i nGaeilge le cabhair ón treoir fhoghraíochta a ghabhann leis.

home_blank

Mála

Coinnigh do ghiúirléidí le chéile sa mhála canbháis seo.

home_blank

Suaitheantas – ‘Tá Cúpla Focal Agam’

Suaitheantas – Tá Cúpla Focal Agam

Caith an suaitheantas snasta seo le cur in iúl do chustaiméirí agus do chomhoibrithe go bhfuil cúpla focal agat.

home_blank

Comhartha Adhmaid Tríthaobhach

Comhartha Admhaid Tríthaobhach

Seo comhartha adhmaid is féidir leat a chur in aice leis an deasc sheirbhíse nó an scipéad airgid chun na siopadóirí a spreagadh chun seirbhís trí Ghaeilge a iarraidh.

home_blank

Comhartha Fáilte/Slán

Comhartha Fáilte Slán

Cuir fáilte roimh dhaoine isteach i do shiopa agus cuir slán leo ar an mbealach amach leis an gcomhartha greamaitheach déthaobhach seo.

home_blank

Comhartha ‘Oscailte & Dúnta’

Comhartha-Oscailte-Dúnta

Leis an gcomhartha soléite seo beidh a fhios ag do chustaiméirí go bhfuil do shiopa ar oscailt. Leis an sreangán atá air tá sé éasca é a chasadh thart le taispeáint go bhfuil an siopa dúnta.

home_blank

Comhartha Seilfe – ‘Tá Cúpla Focal Agam’

Seo comhartha greamaitheach ar féidir leat a chur in aice leis an deisc sheirbhís nó leis an scipéad airgid chun a léiriú do do chustaiméirí go bhfuil cúpla focal Gaeilge agat agus go bhfuil tú sásta iad a úsáid.

home_blank

Leathanach Greamán

Bain úsáid as na greamáin seo (‘Tá Gaeilge agam’ agus ‘Tá cúpla focal agam’) le do chumas Gaeilge a chur in iúl.

home_blank

Peann Gránbhiorach

Seo peann gránbhiorach miotail snasta. Beidh fonn ort scríobh i nGaeilge leis an bpeann seo!

home_blank

Post-Its

home_blank

Póstaeir – Seanfhocail

Póstaeir – Seanfhocail A2

home_blank

Maide Cuimhne