Ríomh-threoirleabhráin don Earnáil Gnó
Cliceáil ar na nascanna thíos chun do rogha ríomhleabhar a íoslódáil.
Q-Mharc Gnó le Gaeilge
Tugann an córas gradaim uile-oileáin Q-Mharc Gnó le Gaeilge aitheantas d'eagraíochtaí gnó a dhéanann measúnú, forbairt agus caipitliú ar úsáid na Gaeilge mar uirlis bhreise ghnó agus
mhargaíochta ar fud oileán na hÉireann. Tá an gradam seo oscailte d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide ar fud oileán na hÉireann.
Tá leagan PDF den leabhrán ar fáíl anseo
______________________________________________________________________________________________________________________________________
Comharthaíocht Dhátheangach
Tá lúcháir ar Fhoras na Gaeilge an chéad cheann de shraith treoirleabhar maidir leis an Dátheangachas don Ghnó a chur i do láthair. Anseo gheobhaidh tú na huirlisí a bheas uait lena chinntiú go bhfuil do chomharthaíocht dhátheangach furasta a úsáid agus go mbaineann sí amach na buntáistí go léir agus is féidir as an nGaeilge do do straitéis mhargaíochta.
Tá leagan PDF den leabhrán ar fáil anseo
Pacáistíocht Dhátheangach (Nua)
Cuireann an treoirleabhar seo na huirlisí a bheas uait lena chinntiú go bhfuil do phacáistíocht dhátheangach furasta a úsáid agus go mbaineann sí amach na buntáistí go léir agus is féidir as an nGaeilge do do straitéis mhargaíochta.
Tá leagan PDF den leabhrán ar fáil Treoirleabhar Pacáistíochta - Críoch
Frásleabhar Raghnallach
Seo frásleabhar Gaeilge arna foilsiú ag Féile Ealaíon Raghnallach le cabhair ó ghrúpa comhrá Gaeilge atá lonnaithe sa cheantar, Cabairí Raghnallach. Tá sé mar aidhm acu deiseanna a thabhairt don phobal pé méid Gaeilge atá acu a úsáid i sráidbhaile ilchultúrtha Raghnallach go háirithe agus teangacha as gach cearn den domhan le cloisteáil i mBaile Átha Cliath sa lá atá inniu ann. Aithníonn siad go mbíonn drogall ar dhaoine ar bheagán Gaeilge í a úsáid os comhair an tsaoil agus tá súil acu go bhféadfaidh an frásleabhar seo cabhrú le bunadh Raghnallach an bac seo a shárú, go mórmhór ina dtimpeallacht áitiúil ghnó.
Tá leagan PDF den leabhrán ar fáil anseo
Margaíocht i dTeangacha Mionlaigh
Cuireadh an treoir mhargaíochta seo ar fáil do ghnólachtaí ar mian leo úsáid a bhaint as teanga mhionlaigh i ndiaidh comhdháil margaíochta Eorpach a tionóladh in Portmeirion sa Bhreatain Bheag sa bhliain 2001. Sé an aidhm atá leis ná comhlachtaí a chomhairliú faoin mbealach is fearr leis na teangacha réigiúnacha nó mionlaigh a úsáid d’fhonn bheith níos iomaíche agus níos rathúla.
Tá leagan PDF den leabhrán ar fáil anseo
Lámhleabhar Bia agus Dí
Má tá teach tábhairne nó bialann agat beidh an lámhleabhar seo úsáideach duit má tá tú ag iarraidh biachlár nó praghasliosta deochanna a chur ar fáil go dátheangach nó i nGaeilge amháin do do chustaiméirí.
Tá leagan PDF den lámhleabhar ar fáil anseo
Lámhleabhar Miondíola
Leis an lámhleabhar miondíola seo, níl aon fhocal Gaeilge a theastódh uait i do shiopa nach mbeidh agat. Tá téarmaí ann i gcomhair réimse leathan fo-chatagóirí san earnáil miondíola; cógaslann, crua-earraí agus ceol & siamsaíocht ina measc. Tá leagan PDF den lámhleabhar seo ar fáil anseo
Leabhrán Logainmneacha
Is áis bhunúsach é an leabhrán seo a sholáthraíonn logainmneacha agus comhairle i dtaobh ainmniú eastáit tithíochta nó forbairtí eile i nGaeilge. Tá leagan PDF den leabhrán ar fáil anseo
Lámhleabhar do Chéimithe, Do Ghairm le Gaeilge
Léigh an lámhleabhar dátheangach de chuid gradireland Do Ghairm le Gaeilge/Your career with Irish chun comhairle a fháil ar ghairmeacha inar féidir do scileanna teanga a úsáid. Tá leagan PDF den leabhrán ar fáil anseo
Leabhrán Barr-Chaoga 2010
Seo samplaí de na gnólachtaí atá ag úsáid na Gaeilge sna slite is nuálaí. Tá leagan PDF den leabhrán ar fáil anseo