Vacancy: Clerical Officer

Post buan mar Oifigeach Cléireachais le Foras na Gaeilge (Baile Átha Cliath)

Is mian le Foras na Gaeilge, an comhlacht forfheidhmithe atá freagrach as an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud oileán na hÉireann, an ceapachán seo a leanas a dhéanamh:

Oifigeach Cléireachais Tagairt: OCSSF/0117

Beidh an post seo lonnaithe i gCeannáras Fhoras na Gaeilge, i mBaile Átha Cliath.

* Déanfar ceapachán amháin buan anois agus cuirfear painéal le chéile as a líonfar folúntais shealadacha ag an ngrád seo, as seo go ceann bliana ach acmhainn a bheith ann chuige sin.

FOIRM IARRATAIS & DEASCÁN EOLAIS

Eolas d'Iarrthóirí OCSSF 0117

Fógra OCSSF 0117

Foirm iarratais OCSSF 0117

SPRIOCDHÁTA
Ní mór cóip chrua d’fhoirmeacha comhlánaithe lámhshínithe bheith faighte ag an seoladh thíosluaite roimh 12 meánlae Dé hAoine, 27 Eanáir 2017:

Poist,
Foras na Gaeilge,
7 Cearnóg Mhuirfean,
Baile Átha Cliath 2.

Ní ghlacfar le hiarratais ar ríomhphost.

Tá Foras na Gaeilge tiomanta don chomhionannas deise agus cuirimid fáilte roimh iarratas ó iarrthóirí a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu gan bheann ar chreideamh, ar inscne, ar mhíchumas, ar chine, ar dhearcadh polaitíochta, ar aois, ar stádas pósta, ar chlaonadh gnéis nó cé acu atá nó nach bhfuil cleithiúnaithe acu. De réir fiúntais amháin a mheasfar gach iarratas.

Proficiency in the Irish language, both written and oral, is an essential requirement for the above post.