Scéim Miondeontas Cholmcille 2021
Scéim Miondeontas Cholmcille le haghaidh tionscnamh nó comhpháirtíocht le hAlbain a chur chun cinn.
Is féidir cur isteach ar an scéim seo am ar bith: níl spriocdháta ag an scéim.
Cúlra
Colmcille 1500
Ón 7 Nollaig 2020 go dtí an 7 Nollaig 2021, beidh comóradh ar 1500 bliain ó rugadh Naomh Colmcille, a bhunaigh Mainistir Oileán Í. Is siombail é Colmcille den chomhoibriú idir tíortha sna hoileáin seo. Chomh maith leis na gnáthchritéir, beidh fáilte roimh iarratais a thógann feasacht ar oidhreacht Naomh Colmcille agus a thugann daoine le chéile, go háirithe idir Éire agus Albain.
Tá trí scéim maoinithe ag Colmcille:
- An scéim miondeontas le taighde a dhéanamh agus le comhthionscnaimh a phleanáil
- An scéim deontas le tionscadail a mhaoiniú (príomhscéim deontas Cholmcille
- An scéim sparánachtaí le cuidiú le daoine Gaeilge na hAlban a fhoghlaim
Má tá tú ag iarraidh tionscnamh a fhorbairt le comhpháirtí in Albain, nó a bhainfeas le Gaeilge na hAlban, tá an scéim miondeontas seo (scéim 1 thuas) ann le cuidiú le comhthionscnaimh agus comhpháirtíocht a fhorbairt. Nuair a bheidh an chomhpháirtíocht agus an plean tionscnaimh aontaithe faoin scéim miondeontas seois féidir iarratas a dhéanamh ar Scéim Deontas Cholmcille (scéim 2 thuas, príomhscéim deontas Cholmcille), a thugann leibhéal tacaíochta níos airde, má bhíonn sin de dhíth.
Má tá spéis agat iarratas a dhéanamh gabh chun cainte le hoifigigh Cholmcille ag Foras na Gaeilge sula líonfaidh tú foirm iarratais na scéime.