Scéim na bhFéilte 2020

Beidh Scéim na bhFéilte oscailte do ghrúpaí áitiúla cuí chun deis a thabhairt dóibh forbairt a dhéanamh ar fhéilte ealaíon nó ar eilimintí d’fhéilte atá á reáchtáil agus á gcur i bhfeidhm trí mheán na Gaeilge nó a bhfuil na healaíona Gaeilge mar chuid lárnach díobh.

Díríonn an scéim seo ar fhéilte a bhfuil d’aidhm acu an Ghaeilge, na healaíona Gaeilge, na healaíona dúchasacha agus oidhreacht na Gaeilge a chothú agus a chur chun cinn trí mheán na Gaeilge nó go dátheangach, mar dhlúthchuid den fhéile, agus ardán a chur ar fáil do phobal na Gaeilge, don mhórphobal agus d’earnáil na n-ealaíon.

Spriocdháta: 12 meán lae an 18 Deireadh Fómhair 2019

Cáipéisí:

Foirm Sainordú Íocaíochta 2020 Féilte

190912 Treoirlínte Critéir Féilte Gaeilge 2020 (Sc. na bhFéilte)

190912 Treoirlínte Critéir Féilte Béarla 2020 (Sc. na bhFéilte) 190913

190913 Foirm Iarratais Féilte 2020

Tabhair faoi deara go gcaithfidh gach iarratasóir an seicliosta um chumhdach cuí a chur isteach leis an iarratas, tá na seicliostaí ar fáil thíos:

190912 Seicliosta Cumhdach leanaí_ó dheas (Sc. na bhFéilte)

190912 Seicliosta Cumhdach leanaí_ó thuaidh (Sc.na bhFéilte)