Scéim na gCompántas Drámaíochta 2019

19 Dei

Beidh Scéim na gCompántas Drámaíochta oscailte do ghrúpaí drámaíochta amaitéaracha agus proifisiúnta, grúpaí nua-bhunaithe san áireamh, ar mian leo drámaí Gaeilge nó dátheangacha a léiriú timpeall na tíre.

Léigh níos mó

Díríonn an scéim seo ar chompántais drámaíochta Gaeilge a bhfuil sé mar aidhm acu drámaíocht na Gaeilge a chothú, a fhorbairt, agus a chur ar fáil d’earnáil na n-ealaíon, do phobal na Gaeilge, don mhórphobal, agus don earnáil oideachais. Lena chois sin, is ar fhorbairt pobail freastail agus féachána imeachtaí drámaíochta a dhíríonn an scéim seo.

Spriocdháta: 12 meán lae an 19 Deireadh Fómhair 2018

Cáipéisí:

Treoirlínte agus Critéir Scéim na gCompántas Drámaíochta 2019

Foirm iarratais Scéim na gCompántas Drámaíochta 2019 

Tabhair faoi deara go gcaithfidh gach iarratasóir an seicliosta um chumhdach cuí a chur isteach leis an iarratas, tá na seicliostaí ar fáil thíos:

Seicliosta Cumhdach leanaí_Ó Thuaidh

Seicliosta Cumhdach leanaí_Ó Dheas 

Léigh níos mó

 

Cuir d'ainm ar ár liosta poist

Cuir d'ainm ar ár liosta poist leis an nuacht is déanaí maidir le Foras na Gaeilge a fháil.