{"id":26067,"date":"2021-12-07T08:00:38","date_gmt":"2021-12-07T08:00:38","guid":{"rendered":"https:\/\/www.forasnagaeilge.ie\/?p=26067"},"modified":"2021-12-06T14:50:53","modified_gmt":"2021-12-06T14:50:53","slug":"naomh-colm-cille-le-soilsiu-inniu-las-coinneal-ag-5-21pm","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/www.forasnagaeilge.ie\/naomh-colm-cille-le-soilsiu-inniu-las-coinneal-ag-5-21pm\/","title":{"rendered":"NAOMH COLM CILLE LE SOILSI\u00da INNIU: LAS COINNEAL AG 5.21PM"},"content":{"rendered":"
Inniu, D\u00e9 M\u00e1irt an 7 Nollaig 2021, t\u00e1 Colmcille 1500 \u00e1 chom\u00f3radh, cuimhneach\u00e1n 1,500 bliain \u00f3 bhreith Naomh Colm Cille, agus com\u00f3radh domhanda a oidhreachta. Is \u00e9 Coinneal Cholm Cille an t-ainm a tugadh ar thionscadal soilsithe a rinneadh a choimisi\u00fan\u00fa go speisialta, ina dteilgfear \u00edomh\u00e1nna ar fhoirgnimh shuntasacha ar fud na h\u00c9ireann agus na hAlban. Tarraing\u00edonn na h\u00edomh\u00e1nna cumhachtacha seo aird ar na dl\u00fathnaisc chult\u00fartha idir \u00c9ire agus Albain, naisc a nearta\u00edodh le linn r\u00e9 Cholm Cille agus a leanann ar aghaidh go f\u00f3ill. \u00d3na \u00e1it bhreithe go dt\u00ed l\u00e1thair a uaighe ar Oile\u00e1n \u00cd, agus \u00f3 Bhalla\u00ed Dhoire go Teach Laighean, tugann na soilsithe \u00f3m\u00f3s cu\u00ed d\u00e1r naomhph\u00e1tr\u00fan, Colm Cille.<\/p>\n
<\/p>\n
Is \u00e9 an cl\u00e1r comhph\u00e1irt\u00edochta Colmcille, arna re\u00e1cht\u00e1il ag Foras na Gaeilge agus B\u00f2rd na G\u00e0idhlig, a nascann pobail Ghaeilge na h\u00c9ireann agus Ghaeilge na hAlban le ch\u00e9ile, a thugann urra\u00edocht do Cholmcille 1500 agus a dh\u00e9anann \u00e9 a \u00e9asc\u00fa, le taca\u00edocht na Roinne Turas\u00f3ireachta, Cult\u00fair, Eala\u00edon, Gaeltachta, Sp\u00f3irt agus Me\u00e1n. Rinne pobail agus eagra\u00edochta\u00ed \u00e9ags\u00fala ar fud na h\u00c9ireann, na hAlban agus n\u00edos faide i gc\u00e9in an bhliain a cheili\u00faradh ar a l\u00e1n d\u00f3igheanna. Dh\u00edrigh cuid acu ar oidhreacht spiorad\u00e1lta agus reiligi\u00fanach an naoimh; bh\u00ed sp\u00e9is ag cuid acu i ngn\u00e9 na staire agus na seand\u00e1la\u00edochta; agus beidh cuid eile ag ceili\u00faradh na nasc teanga agus cult\u00fartha idir na Gaeil ar fud na cruinne.<\/p>\n
<\/p>\n
I measc na dtionscadal agus na gcoimisi\u00fan beartaithe do Cholmcille 1500 t\u00e1 na nithe seo a leanas:<\/p>\n
<\/p>\n
<\/p>\n
T\u00e1 an m\u00f3r-amhr\u00e1na\u00ed agus cumad\u00f3ir amhr\u00e1n, P\u00e1draig\u00edn N\u00ed Uallach\u00e1in, i ndiaidh amhr\u00e1n a chumadh dar teideal Colm B\u00e1n na S\u00edoch\u00e1na<\/em>, a dh\u00edr\u00edonn ar an aistear a rinne Colm Cille go hAlbain agus a shaol ar deora\u00edocht. Ag tionlacan an amhr\u00e1in t\u00e1 Fin Moore ar ph\u00edb bheag na hAlban, D\u00f3nal O\u2019Connor ar an fhidil agus Macdara \u00d3 Graham.<\/p>\n <\/p>\n Arsa P\u00e1draig\u00edn N\u00ed Uallach\u00e1in, \u201cIs \u00e9 is m\u00f3 a spreag m\u00e9 f\u00e1 sc\u00e9al Cholm Cille na t\u00e9ama\u00ed ceangal, deora\u00edocht agus ionracas. Tagra\u00edtear d\u00f3 seo uilig san amhr\u00e1n: an nasc idir \u00c9ire agus Albain, obair agus eala\u00edn, idir bheala\u00ed cearta agus neamheitici\u00fala. T\u00e1 t\u00e9ama na s\u00edoch\u00e1na agus na deora\u00edochta ann chomh maith, agus an seasamh a bh\u00ed aige ag tac\u00fa le heala\u00edont\u00f3ir\u00ed a linne, fil\u00ed agus maisitheoir\u00ed san \u00e1ireamh. Aithn\u00edm ann fear cine\u00e1lta, cr\u00f3ga, eala\u00edonta, umhal a raibh gr\u00e1 domhain aige d\u2019\u00c9irinn agus d\u2019Albain \u2013 fear d\u00e9anta s\u00edoch\u00e1na a rinne meanc\u00f3ga, a d\u2019aithin a laig\u00ed agus a ghlac freagracht as a ghn\u00edomhartha. Leoga, eiseaml\u00e1ir d\u00e1r n-aimsir f\u00e9in.\u201d <\/em><\/p>\n <\/p>\n Arsa Tristan Rosenstock, Comhordaitheoir Cholmcille 1500, \u201cB\u00ed linn agus las coinneal do Cholm Cille ag 5.21 p.m. anocht, rud a chuireann i gcuimhne d\u00fainn bliain a bhreithe, agus sinn uilig ag ceangal le ch\u00e9ile le solas a chaitheamh ar a oidhreacht bhuan.\u201d<\/p>\n <\/p>\n Lean sinn ag #Colmcille1500 ar Instagram, YouTube agus Twitter inniu, agus roinn do chuid \u00edomh\u00e1nna f\u00e9in le bheith p\u00e1irteach agus solas buan Cholm Cille a chom\u00f3radh.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":" Inniu, D\u00e9 M\u00e1irt an 7 Nollaig 2021, t\u00e1 Colmcille 1500 \u00e1 chom\u00f3radh, cuimhneach\u00e1n 1,500 bliain \u00f3 bhreith Naomh Colm Cille, agus com\u00f3radh domhanda a oidhreachta. Is \u00e9 Coinneal Cholm Cille an t-ainm a tugadh ar thionscadal soilsithe a rinneadh a choimisi\u00fan\u00fa go speisialta, ina dteilgfear \u00edomh\u00e1nna ar fhoirgnimh shuntasacha ar fud na h\u00c9ireann agus na […]<\/p>\n","protected":false},"author":11,"featured_media":26068,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"_acf_changed":false,"inline_featured_image":false,"ngg_post_thumbnail":0,"footnotes":""},"categories":[24,119],"tags":[],"acf":[],"yoast_head":"\n