An Eala Órga agus scéalta eile ón India

An Eala Órga agus scéalta eile ón India

Gabriel Rosenstock
Brian Fitzgerald a mhaisigh

A collection of folktales for children retold in idiomatic Irish by Gabriel Rosenstock.
Bhí an ghrian go hard sa spéir. Thosaigh na hainmhithe móra ag gearán. ‘Tá an ghrian i bhfad róthe!’ arsa an buabhall uisce. ‘Tá,’ arsa an eilifint. ‘B’fhearr liom é mura n-éireodh sí in aon chor!’ Chuala an ghrian ag caint iad. Shocraigh sí nach n-éireodh sí lá arna mhárach ná an lá ina dhiaidh sin. Stailc! I scéal seo na gréine, agus i scéalta An Eala Órga trí chéile, tugann Gabriel Rosenstock, mar aon lena chomhealaíontóir, Brian Fitzgerald, ar thuras geal i bhfad is i gcéin muid. Seo againn Gúrú na Gaeilge agus é i mbarr a réime.

Read an extract from the book ANSEO

Review taken from Rogha leabhar 2019-20 (Children’s Books Ireland) ANSEO

ISBN 9781857919493
Bog
€9
80 lch