Is mian le Foras na Gaeilge, an comhlacht forfheidhmithe atá freagrach as an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud oileán na hÉireann, an ceapachán seo a leanas a dhéanamh.

Eagarthóir Cúnta, An Gúm (Painéal Sealadach) Tagairt: EAGC/1225

Tá painéal d’Eagarthóirí Cúnta á chur le chéile as a líonfar folúntais shealadacha as seo go ceann dhá bhliain ach acmhainn a bheith ann chuige sin. Tá folúntas amháin le líonadh láithreach.

Beidh an post seo lonnaithe in oifigí Fhoras na Gaeilge, Baile Átha Cliath.

Tréimhse: go dtí 31 Lúnasa 2027

Is é an raon tuarastail don phost ná: €41,211 go €75,750*.
D’fhéadfaí an ráta tuarastail a choigeartú ó am go chéile ar aon dul le beartas pá an Rialtais.
*Caithfear an post a thairiscint ag bun an scála

Foirm Iarratais & Leabhrán Eolais

Leabhrán Eolais EAGC 1225

Foirm iarratais EAGC 1225

Ceisteanna

T: +353 (01) 639 8400 R: poist@forasnagaeilge.ie

SPRIOCDHÁTA
Caithfear cóip PDF de d’fhoirm iarratais chomhlánaithe a sheoladh ar ríomhphost roimh 12 meán lae, Dé Máirt, 2 Meán Fómhair 2025 chuig: poist@forasnagaeilge.ie

Tá Foras na Gaeilge tiomanta don chomhionannas deise agus cuirimid fáilte roimh iarratas ó iarrthóirí a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu gan bheann ar chreideamh, ar inscne, ar mhíchumas, ar chine, ar dhearcadh polaitíochta, ar aois, ar stádas pósta, ar chlaonadh gnéis nó cé acu atá nó nach bhfuil cleithiúnaithe acu. De réir fiúntais amháin a mheasfar gach iarratas.

A high level of proficiency in the Irish language, both written and oral, is an essential requirement for the above post.