Is é Idir Shúgradh agus Dáiríre an chéad chnuasach gearrscéalta ó Mháirtín Ó Cadhain.
Tá cuid dá ghearrscéalta ar sheoda na litríochta nua-aimseartha. Is é Cré na Cille an t-úrscéal is úire agus is bunúsaí a tháinig ó aon scríbhneoir Éireannach ó aimsir Joyce. D’athchruthaigh Ó Cadhain prós na Gaeilge agus d’fhág léitheoirí is scríbhneoirí na Gaeilge araon faoi chomaoin mhór aige. Fuair sé bás sa bhliain 1970.