Bíodh go luaitear an saothar seo mar úrscéal do dhéagóirí d’oirfeadh sé dá lán é a léamh chun tuiscint a fháil ar chruachás an té ar gá dó teitheadh roimh an uafás.
Scéal coscrach cumhachtach á insint sa chéad phearsa. Scéal ógánaigh a thosaíonn i ndúiche atá faoi bhagairt ag cogaidh san Aifric agus a chríochnaíonn ar shráideanna dofháilteacha thuaisceart na hEorpa. Uafás agus daonnacht taobh le taobh a théann go croí cheist na hinimirce nua-aimseartha.
Tá an t-úrscéal seo i measc na leabhar atá molta do dhaltaí atá ag gabháil do Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí. Féadfaidh tú éisteacht leis an scéal á léamh ag an údar, Alan Titley, ach cliceáil ar na nascanna thíos.