Tír na Deo

Tír na Deo

J.M. Barrie
Máiréad Ní Ghráda a rinne an leagan Gaeilge

Foilsíodh eagrán nua de Dracula cúpla bliain ó shin agus tá curtha leis sin anois Tír na Deo, atheagrán de leagan cáiliúil Mháiréad Ní Ghráda de Peter Pan. Ba sa bhliain 1938 a chéadfhoilsigh an Gúm Tír na Deo. Ní aistriúchán díreach ar cheann ar bith de na heagráin Bhéarla de Peter Pan a bhí sa saothar, ach athinsint Ghaeilge ar an scéal ó pheann Mháiréad Ní Ghráda.

Tá an litriú tugtha de réir an chaighdeáin oifigiúil san eagrán athchóirithe seo. Tá mar bharr maise ar an saothar seo na léaráidí sin le Mabel Lucie Atwell a chuaigh i bhfeidhm chomh mór sin ar na léitheoirí in 1938. Éalaigh leat, a léitheoir, agus téigh chun cónaithe i measc na sióg i dTír na Deo. Is ann atá Peadairín Pan – ní rachaidh aon lá aoise air siúd ann go deo na ndeor, ná ortsa agus é i do theannta.

Máiréad Ní Ghráda’s popular adaptation and translation of J.M. Barrie’s novel, Peter Pan, is available once again in a revised edition.

ISBN 9781857919455
240 lch
€10
Bog