Blag #LeChéile: Bealaí éagsula le strus a laghdú le linn COVID 19, le Katie McGreal

Tá an saol iomlán athraithe don chuid is mó dúinn le cúpla mí nó seachtain anuas. Den chuid is mó
 
 nuair a athraíonn rudaí cuireann siad strus orainn, fiú más athruithe maithe atá ann agus, mar sin, má tá tú faoi níos mó struis na laethanta seo níl tú leat féin! Táimid uilig, ar fud an domhain, faoi strus agus ag streachailt leis an saol nua seo a bhfuil orainn dul i ngleic leis.

Is múinteoir Relax Kids agus aireachais mé agus mar sin, tá cúpla moladh agam daoibh le cabhrú libh an strus a laghdú agus tú ag iarraidh dul i dtaithí ar an saol nua seo.

1) Ná bígí ag breathnú ar an nuacht an iomarca. Mholfainn do gach duine am ar leith a chur ar leataobh le foghlaim faoi na rudaí atá ag tarlú sa domhan faoi láthair agus ansin na suíomhanna nuachta a sheachaint. Níl smacht agat ar an méid atá ag tarlú faoi láthair. An t-aon rud is féidir leatsa a dhéanamh ná fanacht sa bhaile, do lámha a nigh agus gan bualadh le cairde nach bhfuil cónaí ort leo. Ní dhéanfaidh figiúirí agus an nuacht ach strus, brón agus faitíos a chur ort agus mar sin ní gá duit a bheith ag breathnú uirthi an t-am ar fad.

2) Múch an fón uair an chloig sula dtéann tú a luí. Tá solas gorm ar an bhfón a chuireann ina luí ar d’intinn gur le linn an lae atá sé agus mar sin bíonn sé níos deacra duit titim i do chodladh má tá tú díreach i ndiaidh breathnú ar an scáileán roimhe. Tá aipeanna ann (úsáidim féin Twilight) a laghdaíonn an solas gorm ar an scáileán agus is cabhair é sin cinnte, ach tá sé níos fearr fós más féidir leat an fón a mhúchadh go hiomlán. Tabharfaidh sin deis duit fáil réidh don leaba agus nósanna níos fearr a chruthú thart ar an am sin don lá.

3) Tá pointe brú i lár do bhoise. Cnaipe suaimhnis is ainm dó nuair atá mé ag múineadh leanaí ach oibríonn sé do dhaoine fásta freisin. Suaimhníonn an pointe seo d’intinn agus do cholainn nuair a chuimlíonn tú go réidh é.

4) Tóg anáil mhór isteach tríd an tsrón agus amach tríd an mbéal go mall. Mholfainn duit seo a dhéanamh trí h-uaire i ndiaidh a chéile ar a laghad. Tá tú ag iarraidh go rachaidh an anáil sin síos go dtí do bholg. Nuair atáimid faoi strus nó má tá imní orainn is minic a bhíonn anáil íseal againn, téann an anáil isteach sna scamhóga agus díreach amach arís gan dul níos faide. Ach tá mise ag iarraidh go moillíonn tú an anáil síos agus go ndéanann tú cinnte go dtéann sí síos go dtí do bholg. Rud spraíúil le déanamh le leanaí agus rud a chabhróidh leis an anáil mhall seo ná an buidéal gealra. Beidh buidéal trédhearcach, gealra agus uisce ag teastáil uait. Cuir an t-uisce agus an gealra sa bhuidéal agus dún é. Ansin bí ag croitheadh an bhuidéil agus nuair atá tú réidh, breathnaigh ar an ngealra ar fad ag titim síos nuair a stopann tú. Agus tú ag breathnú air, tóg anáil mhall isteach agus amach arís agus arís eile go dtí go bhfuil an gealra ar fad ag bun an bhuidéil.

Tá tuilleadh moltaí agam ar mo leathanach Facebook, Solas Relaxation agus Relax Kids. Tá na físeáin atá ansin dírithe go háirithe ar theaghlaigh le leanaí ach oibríonn na rudaí céanna do dhaoine fásta agus do dhaoine óga.