Blag #LeChéile: Gnó tar éis Covid-19, le Daithí de Buitléir

Céard atá i ndán duit nuair a fhillfidh tú ar an oifig?

De réir mar a thosaíonn an domhan ag oscailt arís tar éis na dianghlasála, ardaítear ceisteanna don phobal gnó. Níl aon dabht go bhfuil tairbhe á baint ag go leor daoine as obair ón mbaile, ach airíonn daoine go mór uathu an struchtúr agus an comhluadar oibre a bhaineann le hoifig. San alt seo caithfimid súil ghairid ar roinnt de na ceisteanna is mó atá i mbéal an phobail gnó. Cathain a bheidh cead ag daoine filleadh ar oifigí? Céard a bheidh difriúil faoi oifigí nuair a fhillfidh daoine?

Cathain a fhillfidh daoine ar oifigí?

Is ceist chasta go maith í seo. Ar lámh amháin tá spriocdhátaí leagtha síos ag an rialtas ó dheas agus iad ag moladh go dtosóidh dreamanna ag filleadh ar oifigí i bpróiséas céimnitheach. Tá sé beagáinín difriúil ó thuaidh, áit nach bhfuil dátaí ar leith luaite leis an bplean. Faraor, is dócha go dtugann na dátaí sa phlean ó dheas creatlach mhaith dúinn do céard atá i ndán dúinn ar an oileán ina iomlán, ag glacadh leis nach mbeidh an víreas ag scaipeadh an dara babhta.

Ag breathnú ar an bplean seo, is dócha gurb é an 20 Iúil, mar chuid de chéim a ceathair, an chéad uair a thosóimid ag feiscint cuid mhór daoine ag filleadh chun na hoifige. Tá sé á mholadh ansin go dtosóidh comhlachtaí a bhfuil deacrachtaí acu le cianobair ag filleadh. Tosóidh comhlachtaí amach le hamannaí céimnithe agus é molta dóibh an idirghabháil idir fostaithe a choinneáil íseal go maith.

Is ag céim a cúig ar an 10 Lunasa a mbeidh cead ag an ngnáthoibrí oifige filleadh. Arís beidh béim fós anseo ar an scaradh sóisialta agus seans maith go mbeidh go leor comhlachtaí ag cur sceideal sealoibre ceithre huair is fiche a chlog i bhfeidhm ionas gur féidir le níos mó daoine a bheith ag obair in oifigí le linn na seachtaine oibre.

Is ceist amháin é cathain a bheidh cead ag daoine filleadh. Is ceist iomlán éagsúil é cathain a fhillfidh fostaithe. Tá go leor fostaithe ag baint an-sasáimh as an gcianobair agus níl aon deifir orthu filleadh. Tá saineolaithe ag rá go bhfuil cianobair anseo go deo anois agus go mbeidh sé mar chuid den ghnáthshaol oibre amach anseo. Tá comhlachtaí ar nós Twitter tar éis a rá lena bhfostaithe go mbeidh cead acu a bheith ag obair ón mbaile go deo.

Is dócha gurb é an rud is mó atá ag teastáil ó oibrithe oifige ná meascán idir an dá rud, sé sin go mbeidh cead acu a bheith ag obair ón mbaile cúpla lá sa tseachtain ach fós féin go mbeidh siad ag obair go príomha san oifig le linn na seachtaine. Faraor, is cosúil nach bhfuil aon deifir ar go leor comhlachtaí filleadh ar an oifig agus iad buartha go maith faoi shábháilteacht. Tá Google agus Facebook i measc na gcomhlachtaí a bhfuil sé fógartha acu go mbeidh obair ón mbaile i mbarr réime go dtí 2021 fiú má ligeann rialtais dóibh filleadh roimhe sin.

Is é bun agus barr an scéil go mbeidh an chuid is mó againn cúpla mí eile ag obair ón mbaile, ach ná bíodh lagmhisneach ort, beidh deiseanna filleadh ar an oifig uaidh seo go ceann cúpla mí ag an gcuid is mó againn má leanann rudaí ag dul i bhfeabhas.

Céard a bheidh difriúil faoi oifigí nuair a fhillfidh daoine?

Fiú in oifigí atá le hoscailt arís, beidh dúshlán mór ag roinnt fostóirí muinín a fhorbairt i measc a bhfostaithe gur áiteanna sábháilte iad na hoifigí. Chuige seo tá go leor athruithe a tharlóidh in oifigí sula mbeidh siad réidh le húsáid arís.

An chéad difríocht mhór a bheidh ann is ea go mbeidh scaradh sóisialta i gceist i leagan amach na hoifige. Nuair a bheidh daoine ar ais san oifig is cosúil go mbeidh orthu fós fanacht amach óna chéile. Beidh deireadh ar feadh tamaill le daoine ina suí mórthimpeall ar dheasc mór amháin. Is féidir a bheith ag súil le hoifig ina bhfuil deasca níos scaipthe timpeall na háite agus go mbeidh níos lú daoine ag úsáid spáis ag aon am ar leith.

Beidh súil ghéar á coinneáil ar rudaí cosúil le cistin lena chinntiú nach bhfuil daoine ag roinnt cupán, plátaí etc.

Sa chaoi chéanna is go bhfuil go leor daoine tar éis dul i dtaithí le réimsí teicneolaíochtaí úra cosúil le Slack agus Zoom fad is go bhfuil siad ag obair ón mbaile, beidh scata uirlisí nua ag fanacht orthu nuair a fhillfidh siad. Tá an earnáil teicneolaíochta fud fad na cruinne ag díriú a gcuid cruthaitheachta ar fhadhbanna a bhaineann le COVID-19 a réiteach agus tá go leor nuálaíochtaí suimiúla tagtha chun solais dá bharr.

Bím féin ag obair sa réimse seo le ParkOffice.io. Is bogearra é ParkOffice.io a chuidíonn le comhlachtaí atá ag iarraidh tionchar a bhfostaithe ar an timpeallacht mar gheall ar thaisteal agus tiomáint a laghdú. Is comhlacht nua Éireannach sinn ach sna hocht mí dhéag ó seoladh sinn tá conarthaí buaite againn le mórfhostóirí timpeall na cruinne cosúil le Indeed.com agus CBRE.

Táimid tar éis ár bhfócas a athrú le cúpla seachtain anuas ó chúrsaí timpeallachta go sábháilteacht fostaithe. Le 60% d’oibrithe buartha faoi úsáid iompair phoiblí nuair a fhillfidh siad ar an oifig, tá brú mór millteach chun teacht ar chomhlachtaí spásanna páirceála a chur ar fáil d’fhostaithe. Úsáideann ár mbogearra intleacht shaorga le líon na spásanna ag an oifig a mhéadú 40%, rud a laghdaíonn riosca COVID-19 do chuid mhór fostaithe.

Tá seo an-tráthuil, go háirithe nuair a smaoiníonn tú go n-athróidh cianobair rialtacht daoine ag teacht chun na hoifige, rud a dhéanann é an-deacair do chomhlachtaí a thuar cé a bheidh istigh agus cén riachtanas páirceála a bheidh acu. Tugann ParkOffice.io aire dó seo ar fad agus fiú is féidir leis an mbogearra spásanna páircéala a dháileadh ar na fostaithe is leochailí go huathoibríoch. Tá an-tóir ar an táirge go hidirnaisiúnta faoi látháir agus muid réidh le dul beo leis na mílte fostóirí timpeall na cruinne nuair a fhillfidh a bhfostaithe.

Níl muid linn féin. Tá comhlachtaí cosúil le Vergesense tar éis a dtáirgí a leasú ionas gur féidir le comhlachtaí agus fostaithe súil reatha a choinneáil ar líon na ndaoine san oifig ag aon am ar leith agus a chinntiú go bhfuil sé sábháilte dóibh dul isteach ann. Tá fás as cuimse ag teacht ar ghlantóirí róbatacha timpeall na cruinne agus fostóirí ag iarraidh a chinntiú go bhfuil domhainghlanadh ag tarlú go leanúnach ina n-oifigí.

Cibé am a mbeimid arís ag an oifig, bí ag súil le heispéireas an-difriúil, ach ná bí buartha, beidh comhluadar agus comhoibriú fós ann.

Is fiontraí aitheanta é Daithí de Buitléir atá ag réiteach dhúshlán na páirceála faoi láthair le ParkOffice.io. Bhí Daithí ar dhuine de bhunaitheoirí Bhorradh, pobal do chinnirí agus nuálaithe gnó a bhfuil Gaeilge acu. Ba é Daithí cathaoirleach bunaithe na nGael Óg CLG agus bíonn sé fós ag imirt iomána don chlub.