Comhchruinniú stairiúil le hÚdarás na Gaeltachta & €4.6M de dheontais faofa ag bord Fhoras na Gaeilge

Reáchtáladh comhchruinniú idir bord Fhoras na Gaeilge agus bord Údarás na Gaeltachta den chéad uair ag Oireachtas na Samhna 2018 i gCill Airne inniu. Ag an gcruinniú pléadh comhpháirtíocht reatha, tosaíochtaí na n-eagras, chomh maith le deiseanna féideartha comhpháirtíochta don todhchaí, i réimse na pleanála teanga ach go háirithe. Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “B’ócáid stairiúil agus fhíorthábhachtach comhchruinniú an lae inniu a thug deis don dá bhord stiúrtha deiseanna comhpháirtíochta a chíoradh. Is iad Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta an dá phríomheagras a mbeidh ról lárnach acu i gcur i bhfeidhm Plean Gníomhaíochta 2018-2022 don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus mar sin, beimid ag obair go dlúth le chéile le dlús a chur faoinár ngníomhaíochtaí sna cúig bliana amach romhainn.”

Is cúis áthais d’Fhoras na Gaeilge a chur in iúl gur faomhadh caiteachas os cionn €4.6M ag cruinniú boird de chuid Fhoras na Gaeilge a lean comhchruinniú an lae inniu. Chomh maith le deontais do Cheanneagraíochtaí Gaeilge, ceadaíodh deontas do Choláiste Ollscoile Naomh Muire i leith an Áisaonaid Lán-Ghaeilge, a chuireann áiseanna ar ardchaighdeán ar fáil do scoileanna ina dteagasctar na curaclaim agus siollabais trí Ghaeilge.

I réimse na meán, beidh tús á chur le hathbhreithniú ar réimse na meán Gaeilge in 2018 agus táthar ag súil leis an bpróiseas athbhreithnithe a tabhairt chun críche le linn 2019. Chuige sin, tá síneadh ama 12 mí tugtha do chonarthaí in earnáil na meán Gaeilge; Rua Media (NÓS), Comhar Teo. agus Tuairisc.ie go deireadh 2019.

Ag fáiltiú roimh chinntí an bhoird, dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Tá lúcháir orainn an tsuim mhór airgid a ceadaíodh inniu a fhógairt. Is é seo an sciar is mó a bheidh á cheadú as buiséad 2019. Tá na deontais a faomhadh inniu ag brath ar chinneadh na ranna urraíochta i leith maoiniú d’Fhoras na Gaeilge in 2019.”

Críoch

Tuilleadh eolais & grianghraif:

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175    

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie