€5.3M de dheontais ceadaithe & Comhpháirtíocht le hÚdarás na Gaeltachta ag dul ó neart go neart

Is cúis áthais d’Fhoras na Gaeilge a chur in iúl gur faomhadh caiteachas os cionn €5.3M ag cruinniú boird de chuid Fhoras na Gaeilge ag Oireachtas na Samhna 2019 in Citywest. Ceadaíodh deontais dar luach €4.6M don 6 Cheanneagraíocht Ghaeilge do 2020 lena n-áirítear Oireachtas na Gaeilge, Conradh na Gaeilge, Gael Linn, Gaeloideachas, Glór na nGael agus Cumann na bhFiann.

Ceadaíodh £272,486.00 do Choláiste Ollscoile Naomh Muire i leith an Áisaonaid Lán-Ghaeilge, le háiseanna ar ardchaighdeán a chur ar fáil do scoileanna ina dteagasctar na curaclaim agus siollabais trí Ghaeilge in 2020. Ceadaíodh síneadh ama go 31 Nollaig 2020 don 22 dheontaí faoin scéim reatha de Scéim Pobal Gaeilge agus plé ar siúl faoi láthair faoin scéim nua a thiocfaidh in áit scéime reatha ina dhiaidh sin.

Ag fáiltiú roimh chinntí an bhoird, dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Is cúis áthais dúinn an tsuim mhór airgid a ceadaíodh inniu a fhógairt. Is é seo an caiteachas is mó a bheidh á cheadú as buiséad 2020 agus is infheistíocht ríthábhachtach í seo a tacóidh go mór le húsáid na Gaeilge i measc an phobail. Táthar ag tógáil ar an gcomhpháirtíocht idir na 6 Cheanneagraíocht bliain i ndiaidh bliana ó bunaíodh an cur chuige nua in 2014. Bhí deis thábhachtach againn ár bplean gnó agus Plean Corparáideach 2020-2022 a phlé inniu agus muid ag pleanáil chun cinn do 2020. Chuireamar ‘Treo Straitéiseach’ don eagraíocht sa tréimhse 2020-2025 faoi bhráid an phobail ag seisiún breá bríomhar comhairliúcháin a d’eagraíomar mar ócáid ar leith ag Oireachtas na Samhna inné. Is é seo an chéad uair a bhí deis againn comhairliúchán poiblí den chineál seo a dhéanamh faoinár dtodhchaí agus fuaireamar aiseolas an-luachmhar ó rannpháirtithe an tseisiúin faoinár dtreo. Agus cloch mhíle 20 bliain ó bunaíodh Foras na Gaeilge in 1999 á sroichint againn i mí na Nollag, beidh sé tábhachtach deis a thabhairt don phobal aiseolas a thabhairt dúinn ar ár dtosaíochtaí agus réimsí oibre ar bhonn rialta feasta.”

Reáchtáladh an dara comhchruinniú idir bord Fhoras na Gaeilge agus bord Údarás na Gaeltachta roimh chruinniú boird an lae inniu. Bhí an phleanáil teanga, tacaíocht ghnó agus tráchtála d’fhoilsitheoirí na Gaeltachta agus comhpháirtíocht maidir le Comóradh 1500 Cholmcille 2020-2021 i measc na réimsí a pléadh.

Dúirt Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Pól Ó Gallchóir, “Leagadh bunchloch thábhachtach nuair a reáchtáladh comhchruinniú le bord Údarás na Gaeltachta den chéad uair anuraidh agus tá lúcháir orm go bhfuil an chomhpháirtíocht eadrainn ag dul ó neart go neart. Tá ár ndá eagraíocht ag saothrú san aon ghort amháin, gualainn le gualainn, le húsáid na Gaeilge a mhéadú sa phobal, agus dá mhéad dá mbímid ag tacú le hobair a chéile is amhlaidh is fearr é do phobal na Gaeilge ar fud na tíre.”

Críoch

Tuilleadh eolais & grianghraif:

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175    

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie