Féile na Gealaí 2018

Is féile ceoil chomhaimseartha Gaeilge í Féile na Gealaí. Is í an t-aon fhéile champála trí mheán na Gaeilge atá ar siúl sa tír. Bunaíodh an fhéile in 2016 mar fhreagra ar an gcinneadh a rinneadh ‘Ravelóid’a a chuir ar ceal.

Bhí éacht bainte amach againn in 2016 an fhéile a eagrú ó thus go deireadh i dtrí seachtaine. Is léir go raibh suim ag an phobal gaelach san fhéile mar gur éirigh linn Gradam Féile na Bliana a thabhairt linn Gradam Nós 2017 agus Gradam Nós 2018, gradam a bhí ag brath ar vóta poiblí.

Ag Féile na Gealaí 2017 d’fhreastail 250 ar an fhéile, is é sin dhá oiread go leith ar an mhéid a bhí ann in 2016. Tá mé ag dréim go mbeidh méadú ar na figiúirí sin i mbliana arís de thairbhe an fhéile a bheith go i mbéal an phobail anois. Teastaíonn uainn forbairt a dhéanamh ar an tús láidir a bhí ag an bhféile le dhá bhliain anuas agus tógáil air i mbliana.

Is féile ceoil agus campála dhá oíche a bheidh ar siúl i nGaeltacht Ráth Chairn í Féile na Gealaí. An phríomhaidhm atá ag an bhféile ná ceol, cultúr agus ealaíona na gaeilge a chur chun cinn ar bhealach nualaíoch. Tugtar deis do ghaelgóirí as gach aois grúpa as áiteacha ar fud na hÉireann teacht le chéile agus caidreamh a chothú i ngaeilge.

I dtaca leis sin tugtar deis do cheoltóirí teacht le chéile agus aithne a cur ar a gcéile agus orthu siúd atá ag eagrú imeachtaí/ceolchoirmeacha le linn na bliana. Reáchtálafar an fhéile seo go hiomlán trí mheán na Gaeilge, ceol i ngaeilge, fógraíocht Gaeilge, oibríthe le gaeilge, gach imeacht trí ghaeilge (nó gaidhlig na hAlbain!)

www.feilenagealai.ie/

https://www.facebook.com/FeilenaGealai/