Nóta comhbhróin

Is le croí trom a chualamar go bhfuair Domhnall Mac Síthigh (Danny Sheehy) bás tar éis timpiste farraige sa Spáinn Dé hAoine. B’fhile, staraí, gníomhaí teanga agus bádóir é Danny a bhí ina bhall dílis den Choiste Téarmaíochta le blianta, agus aireoimid uainn é. Ár gcomhbhrón lena bhean Máire, a mbeirt iníon Orla agus Róisin, a mac Cormac agus lena ghaolta ar fad. Ar dheis Dé go raibh a anam uasal.

[caption id="attachment_8771" align="aligncenter" width="629"] Domhnall Mac Síthigh (Danny Sheehy)[/caption]