Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge seolta

Is mór ag Foras na Gaeilge agus Comhar an leabhar eisceachtúil (Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge); agus láithreán gréasáin spleodrach (www.portraidi.ie) a chur faoi bhráid an phobail. 

Tionscadal eiseamláireach é Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge a dhéanann an Scríbhneoir Gaeilge a chomóradh agus a thugann ábhar grianghrafadóireachta den scoth i láthair an phobail. Sa chnuasach álainn lán-daite seo, foilsítear portráidí de 107 de na scríbhneoirí is aitheanta i saol na Gaeilge, idir údair liteartha agus scríbhneoirí acadúla, ar tógadh a bportráidí go digiteach idir 2009-2013, ag Máire Uí Mhaicín d’Fhoras na Gaeilge. Cuimsítear filí, úrscéalaithe, gearrscéalaithe, scríbhneoirí béaloidis, scríbhneoírí do pháistí, scoláirí léinn agus scríbhneoirí ó sheánraí liteartha eile. Cuirtear beathaisnéis agus, de réir mar a oireann, sliocht dá saothar go tánaisteach leo. Mar sin féin, tá béim faoi leith ar an bportráidíocht ealaíonta iontu a léiríonn daonnacht na scríbhneoirí céanna. Cuirtear réamhrá agus sleachta cuimhní cinn leis an leabhar freisin, agus tá an láithreán gréasáin inchuardaithe ina áis luachmhar do shaol na Gaeilge anois agus sa todhchaí. Tá comhaid fuaime de chuid de na scríbhneoirí i mbun léitheoireachta ar a gcuid sleachta roghnaithe á gcur leis an láithreán gréasáin freisin chun gné na cartlainne a fhorbairt.

Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin na bportráidí. 

Preaseisiúint: Preaseisiúint -Portráidí