Blag #LeChéile: Seisiún ceisteanna agus freagraí le hÓgie Ó Céilleachair

Is múinteoir agus scríbhneoir as an Rinn Contae Phort Láirge é Ógie Ó Céilleachair a bhfuil roinnt úrscéalta scríofa aige le blianta beaga anuas.

Cathain a chuir tú suim sa scríbhneoireacht?

I Meánscoil San Nioclás sa Rinn bhíodh orainn sceitseanna a scríobh agus iad a chur ar stáitse Lá an Phátrúin, an 6 Nollaig. Thaitin sé sin go mór liom. Níor thosaigh mé ag scríobh go dáiríre nó go raibh mé san ollscoil in UCC.

Céard é an rud is mó a thaitníonn leat faoi bheith ag scríobh.

An rud a nglaoitear "state of flow" air. Sin nuair atá smaoineamh bunúsach agat ach go ligtear na maidí rámha píosa agus insíonn an scéal é féin.

Cad é an chéad leabhar ar thit tú i ngrá leis?

“Run to Earth” le Tom McCaughren.

Cén carachtar ficseanúil is mó go déanfá ionannú leo?

Dhéanfainn ionannú le roinnt d’éiginnteacht Hamlet.

Cé na scríbhneoirí is mó a thaitníonn leat?

Is breá liom stíl Ré Uí Laighléis. Bhí tionchar ana-mhór aige ar mo chuid scríbhneoireachta. Áine Uí Fhoghlú chomh maith, taitníonn a stíl go mór liom, an tslí go bhfuil sí ábalta píosaí a chur le chéile mar mhíreanna mearaí ach go háirithe.

Ó thaobh an Bhéarla de is maith liom Shakespeare ar ndóigh, Roddy Doyle, Blindboy Boatclub freisin.

Cad í an chomhairle ab fhearr a cuireadh ort riamh?

Ón uair go raibh mé cúig bliana déag d’aois go dtí go raibh mé sna luathfhichidí bhí mé ag obair in ollmhargadh i nDún Garbhán. Bhí fear darb ainm Tommy ag obair ann. Nuair a bhí an ardteist ar siúl agam bhí dhá phíosa comhairle a chuir sé orm i gcónaí. “Faigh do thicéad” (ie. an Ardteist a dhéanamh) agus “Déan do dhícheall i gcónaí. Fad is atá do dhícheall déanta agat ní bheidh éinne ábalta dada a rá leat”. Níl fhios agam cén fáth a d’fhan sé liom.

Cén paisean is mó i do shaol?

Aon rud bainteach le Gaeilge agus/nó cruthaitheacht.

Cén áit ar scríobh tú do leabhair?

Scríobh mé Cúpla sa chéad seomra a thóg mé ar cíos nuair a thosaigh mé ag obair i Luimneach. Scríobh mé Katfish in árasán cois trá a thóg mé ar cíos ar oileán Fuertaventura.

Céard a thugann inspioráid duit do do scéalta?

Gráinní de scéalta a chloisim, iompar a thugaim fé ndeara, nuair a chuirim ceist orm féin "Cad a tharlódh dá...?"

Cé na trí rud (nó níos mó) a mholfá do dhuine atá ag iarraidh tosú ag scríobh?

  1. Ná bíodh eagla ort botún a dhéanamh.
  2. Bí ag súil go dteipfidh ort roinnt uaireanta.
  3. Fan leis

 

Cá bhfuil do chuid leabhar ar fáil?

Sna siopaí leabhar timpeall na tíre go háirithe siopaí atá bainteach le Love Leabhar Gaeilge, An Siopa Leabhar ag Conradh na Gaeilge, ar líne ó Chló Iar-Chonnacht agus mar ríomhleabhar ar iBooks agus a leithéid chomh maith.

Tá podchraoladh nua ag Ógie faoina chuid leabhar do na daltaí ag déanamh staidéir ar na leabhair. Podcast Ógie an t-ainm air.