An Tumoideachas: Bua nó Dua

An Chéad Chomhdháil Taighde Uile-Oileánda ar an Tumoideachas: Imeachtaí Comhdhála

 

Níos mó ná riamh, tá gá le béim a chur ar thaighde, ar oideachas agus ar fhorbairt ghairmiúil leanúnach múinteoirí chun machnamh agus iniúchadh a dhéanamh ar bhuanna agus ar dhua an oideachais lán-Ghaeilge. Tá plé gairmiúil lánbhrí den sórt sin ríthábhachtach le haghaidh rath agus fhás leanúnach an oideachais lán-Ghaeilge in Éirinn agus le haghaidh an tumoideachais ar fud na cruinne.

Is ar an mbonn sin a eagraíodh An Chéad Chomhdháil Taighde Uile-Oileánda ar an Tumoideachas ar an Aoine 15 Bealtaine agus ar an Satharn 16 Bealtaine 2015 i gColáiste Mhuire gan Smál, Ollscoil Luimnigh. Ghlac lucht acadúil, cleachtóirí agus daoine gairmiúla páirt sa díospóireacht chriticiúil ar na ceisteanna leanúnacha agus ar na freagraí nuálacha ar leith a bhaineann leis an tumoideachas. Tá toradh ar an díospóireacht chriticiúil ar cuireadh tús léi ag an gcomhdháil le fáil sna hailt atá á bhfoilsiú mar imeachtaí na comhdhála san imleabhar seo, An Tumoideachas: Bua nó Dua.

Tá léargas san imleabhar ar threochtaí reatha taighde ar an tumoideachas i gcomhthéacs uile-oileánda na hÉireann. Tá 19 n-alt phiarmheasúnaithe sa leabhar seo atá curtha in eagar ag T.J. Ó Ceallaigh agus Muiris Ó Laoire. Tá na hailt bunaithe ar chuir i láthair a rinneadh ag an gCéad Chomhdháil Taighde Uile-Oileánda ar an Tumoideachas. Léirítear sna páipéir seo scoth an taighde agus an chleachtais a bhaineann le gnéithe éagsúla den tumoideachas teanga. Cuireann na húdair taighde nua i láthair agus déanann siad a machnamh ar na féidearthachtaí atá ann leis an oideolaíocht agus na beartais i réimse an tumoideachais a neartú. Cuntas cuimsitheach é atá sothuigthe mar sin féin, agus tabharfar suntas do na hailt i measc múinteoirí, taighdeoirí, oideoirí múinteoirí, lucht deartha curaclaim agus lucht déanta beartas atá ag obair i gcomhthéacsanna oideachais teangacha agus ag plé leo sin. Deis atá sa leabhar chun idirphlé tuisceanach thar chomhthéacsanna éagsúla agus malartuithe eolais a chur ar bun. Tá An Tumoideachas: Bua nó Dua ar fáil go digiteach ag www.cogg.ie, www.gaelscoileanna.ie agus ag www.tumoideachas.ie