An Scéim: An Gúm 1926-2016

An Scéim: An Gúm 1926-2016

Cnuasach Aistí

Gníomh dóchais agus misnigh a bhí i mbunú an Ghúim in 1926. Bhí droch‑chaoi ar an tír agus créachtaí an Chogaidh Chathartha fós ag déanamh braoin, ach ba mheabhrú é ar a thábhachtaí a bhí an Ghaeilge sa stát nua bunú na scéime chun ábhar léitheoireachta Gaeilge a chur ar fáil don phobal ag an am. Mar chomóradh ar nócha bliain a bhunaithe reáchtáladh comhdháil lae ar an nGúm i mí Dheireadh Fómhair 2016 i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Tá téacs iomlánaithe na gcainteanna a tugadh an lá sin ar fáil anois sa chnuasach aistí seo. Cnuasach é ina rianaítear an cúlra, an comthéacs staire chomh maith le cuid de na héachtaí liteartha agus ealaíne, na carachtair agus na conspóidí a bhain leis an nGúm i gcaitheamh na mblianta. Aistí léannta, eolacha, inléite iad seo le buíon scoláirí a chuireann go mór lenár dtuiscint ar an am agus ar an ábhar atá faoi chaibidil acu.

Is féidir éisteacht le taifead de na cainteanna ar an ardán SoundCloud.
www.soundcloud.com

ISBN 9781857919653
€12