Athfhógairt: Post buan mar Leas-Phríomhfheidhmeannach / Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais (Béal Feirste)

Athfhógairt: Post buan mar Leas-Phríomhfheidhmeannach / Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais ar  Fhoras na Gaeilge (Béal Feirste)

Is mian le Foras na Gaeilge, an comhlacht forfheidhmithe a chuireann an Ghaeilge chun cinn ar fud oileán na hÉireann, an ceapachán seo a leanas a dhéanamh:

Leas-Phríomhfheidhmeannach & Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais
Tagairt: LPF/0417

Beidh an post seo lonnaithe in oifigí Fhoras na Gaeilge, i mBéal Feirste.

Is é an raon tuarastail don phost ná: £51,091 go £55,997

FOIRM IARRATAIS & DEASCÁN EOLAIS
T: (00353) (01) 639 8412 R: poist@forasnagaeilge.ie nó is féidir na cáipéisí a íoslódáil díreach ó https://www.forasnagaeilge.ie/fuinn/foluntais/ nó scríobh chuig an seoladh thíos agus an uimhir thagartha a lua.

SPRIOCDHÁTA
Ní mór cóip chrua d’fhoirmeacha comhlánaithe lámhshínithe a bheith faighte ag an seoladh thíos roimh 12 meánlae, Dé Máirt, 9 Bealtaine 2017.

Poist,
Foras na Gaeilge,
7 Cearnóg Mhuirfean,
Baile Átha Cliath 2.

Ní ghlacfar le hiarratais ar ríomhphost.

Tá Foras na Gaeilge tiomanta don chomhionannas deise agus cuirimid fáilte roimh iarratas ó iarrthóirí a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu gan bheann ar chreideamh, ar inscne, ar mhíchumas, ar chine, ar dhearcadh polaitíochta, ar aois, ar stádas pósta, ar chlaonadh gnéis nó cé acu atá nó nach bhfuil cleithiúnaithe acu. De réir fiúntais amháin a mheasfar gach iarratas.

Proficiency in the Irish language, both written and oral, is an essential requirement for the above post.

Fógra LPF0417

Foirm Iarratais LPF0417

Leabhrán Eolais LPF0417