Is aistriúchán é an leabhar seo ar Get Constructive le Eva Corcoran, Sean King agus William Nolan. Tá cur síos glan simplí ann ar gach gné den siollabas, maille le léaráidí daite agus gluais de théarmaí chun cabhrú leis an dalta. Crochfar caibidlí as an leabhar ar an suíomh de réir mar a chuirtear an t-ábhar in eagar agus beidh siad ar fáil saor in aisce go dtí go mbeidh an leabhar féin réidh le cur i gcló. Tá na chéad cheithre chaibidil ar fáil thíos.
Ní gá ach cliceáil ar na nascanna thíos agus na comhaid PDF a íoslódáil.