An Gúm: Fúinn

Cuireann An Gúm foilseacháin agus áiseanna ar fáil a thacaíonn leis an oideachas trí mheán na Gaeilge agus le húsáid na Gaeilge i gcoitinne. Ag plé le foilsiú téacsleabhar agus áiseanna scoile, le hábhar léitheoireachta don aos óg agus don phobal mór is mó a bhíonn An Gúm. Le tamall de bhlianta tá raidhse ríomhleabhar foilsithe aige chomh maith.

Tionscadail Reatha

www.seideansi.ie

Clár bunscoile i gcomhair mhúineadh an churaclaim Ghaeilge atá in Séideán Sí. Tá áiseanna digiteacha á bhforbairt agus á bhfoilsiú ar an suíomh gréasáin seo chun tacú leis an obair a dhéantar sa seomra ranga. Áirítear sraith gníomhaíochtaí agus cluichí idirghníomhacha i measc na n-áiseanna agus leaganacha díobh curtha ar fáil sna trí mhórchanúint.

Téacsleabhair agus Áiseanna Scoile eile

Tá téacsleabhar bunaidh adhmadóireachta don Teastas Sóisearach á réiteach faoi láthair chomh maith le háiseanna clóite agus áiseanna leictreonacha nua don churaclam bunscoile.

Ábhar Léitheoireachta do Dhaoine Óga

Bíonn ábhar léitheoireachta agus leabhair eolais, idir bhunsaothair agus aistriúcháin chomheagráin, á bhfoilsiú ar bhonn leanúnach don aos óg.

San fhíseán atá faoi seo tá sliocht á léamh as an úrscéal LÚBA, saothar nua don aos óg ó pheann Alan Titley.

Youtube Video

An Gúm 1926-2016: Cnuasach Aistí

I bhFómhar 2016 rinneadh comhdháil lae a reáchtáil i gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath chun comóradh a dhéanamh ar 90 bliain ó bunaíodh an Gúm in 1926. Thug idir scoláirí, bhaill foirne agus iarbhaill foirne an Ghúim cainteanna ar ghnéithe éagsúla d’oidhreacht agus de shaothair foilsithe an Ghúim le linn na tréimhse sin. Leagan iomlánaithe de na cainteanna sin atá sna haistí atá foilsithe sa leabhar An Scéim: An Gúm 1926-2016.

Aiste faoi obair an Ghúim sna luathbhlianta a foilsíodh sa leabhar:

Ireland, Design and Visual Culture: Negotiating Modernity 1922-1992.

Foilsithe ag Cló Ollscoil Chorcaí, 2011


An Gúm go mór faoi thrácht sa leabhar seo. Tá caibidil fiche leathanach ann a scríobh Brian Ó Conchubhair, dar teideal ‘An Gúm, The Irish Free State and the Politics of the Irish Language’. Tá cur síos tugtha ar stair an Ghúim agus tagairt déanta don tslí ar spreag dearthóireacht chruthaitheach, shamhlaíoch na leabhar pobal na tíre chun tabhairt faoi léitheoireacht i nGaeilge. Leiríonn Ó Conchubhair ról ceannródaíoch an Ghúim maidir le dearadh leabhar in Éirinn agus tugann sé a cheart don oidhreacht shaibhir dearthóireachta a bhaineann leis An nGúm ó shin i leith.

I measc na gclúdach a dtugtar moladh ar leith dóibh tá: Béal na Huaige (1927), aistrithe ag Leon Ó Broin agus dearthóireacht déanta ag Seán Ó Suilleabháin; agus Fiche Gearrscéal (1930), aistrithe ag Ristéard Ó Foghludha agus dearthóireacht déanta ag Ailbhe Ó Monacháin.

Sonraí Teagmhála

Teil: + 353 1 6398448 / 6398427 / 6398400

R-phost:

@angumfnag