Féach Thart! Rang 6

Le teacht ar leagan PDF de leabhar oibre an dalta féadfaidh tú cliceáil ar an NASC SEO

Tá sé á chur ar fáil le híoslódáil ag lucht bunscoile atá i muinín na cianfhoghlama fad is a bheidh scoileanna dúnta le linn géarchéim Covid 19

Scéim bliana le haghaidh Rang 6 atá sa phacáiste Féach Thart: Stair.

Cuirtear 19 dtéama i láthair na ndaltaí, iad uile bunaithe ar cheann de shnáithaonaid an churaclaim OSIE. Is le sraitheanna sleamhnán Powerpoint a chuirtear na téamaí i láthair agus tá leabhar oibre ag gabháil leis an ábhar freisin.

Nascanna beo atá leagtha amach thíos - Eolas don Mhúinteoir, Leabhar Oibre agus 19 sraith sleamhnán chomh maith le liosta léitheoireachta breise agus liosta suíomhanna gréasáin. Is féidir cliceáil orthu le dul díreach chuig an ábhar atá uait.

Mura n-éiríonn leat na sleamhnáin a íoslódáil, moltar duit malairt brabhsálaí a thriail.

Cuir d'ainm ar ár liosta poist

Cuir d'ainm ar ár liosta poist leis an nuacht is déanaí maidir le Foras na Gaeilge a fháil.