Cinnín Óir agus na Trí Bhéar

Cinnín Óir agus na Trí Bhéar

Leaganacha simplí de sheanscéalta atá sa tsraith seo leabhar a scríobhadh do pháistí atá ag foghlaim na léitheoireachta. Is eagráin nua iad seo. Oireann na leabhair seo do pháisití a bhfuil roinnt focal simplí ar eolas acu agus atá ábalta abairtí gearra a léamh cheana féin. Cuideoidh an t-athrá leo líofacht a bhaint amach sa léitheoireacht.

Spreagfaidh na pictiúir spéis na bpáistí sa scéal agus cuideoidh siad leo an téacs a thuiscint. De réir mar a rachaidh páistí trí na leabhair aithneoidh siad na focail agus na habairtí atá á n-athrá. Is féidir le duine fásta cuidiú leo trína n-aird a tharraingt ar thúslitreacha na bhfocal agus trí fhuaim na litreacha a dhéanamh dóibh. Foghlaimeoidh na páistí na fuaimeanna de réir a chéile.

Buanna na leabhar seo / merits of these books:

  • stór focal agus abairtí simplí
  • cló mór soléite
  • léaráidí beoga
  • scéalta spreagúla greannmhara
ISBN 9781857913064
Crua
€4.50