SÉIDEÁN SÍ - Pleanáil Ilrangach
Naíonáin Sóisir go dtí Rang 2
Is í príomhaidhm na cáipéise seo treoir a thabhairt do phleanáil aonair an mhúinteora ach go háirithe i gcás na n-ilranganna. Tá cáipéis curtha ar fáil do gach ceann den deich dtéama ó leibhéal na Naíonán Sóisir go Rang 2. Tá an t-ábhar sna cáipéisí bunaithe go dlúth ar na ceachtanna as Leabhair an Oide de chuid Shéideán Sí - Cúrsa Comhtháite Gaeilge. Leagtar amach na heiseamláirí teanga atá le múineadh ag gach leibhéal mar aon leis na straitéisí teagaisc agus foghlama a bhaineann leis na ceachtanna.
Ar fáil ANSEO