Léirítear tairbhe na léitheoireachta don spraoi do léitheoirí óga ar fud na hÉireann trí Lá Domhanda na Leabhar

  • Tá ceithre leabhar déag de chuid Lá Domhanda na Leabhar ar fáil i siopaí rannpháirteacha, ach dearbhán Lá Domhanda na Leabhar 2023 a bheith agat
  • 14,000 leabhar seachadta chuig carthanais ar fud na hÉireann ag An Post saor in aisce
  • Tá ceithre leabhar déag uile Lá Domhanda na Leabhar ar fáil in Braille, mar chlosleabhar agus i bhformáid dhigiteach trí Sheirbhísí Leabharlannaíochta Chomhairle Náisiúnta na hÉireann do na Daill agus Bookshare Ireland

Scéal spleodrach Gaeilge faoi chailín amháin agus a dragan, oíche stoirmiúil ar Hazel Tree Farm agus eachtra nua siopa leabhar le Dave Pigeon, a bhfuil tóir i gcónaí air – níl anseo ach samplaí de na ceithre leabhar déag atá ar fáil saor in aisce do léitheoirí óga ar Lá Domhanda na Leabhar i mbliana, le dearbháin Lá Domhanda na Leabhar.

Tá an ceiliúradh bliantúil ar leabhair agus ar an léitheoireacht tar éis dul i gcomhar le Leabhair Pháistí Éireann, Foras na Gaeilge agus An Post i gcomhiarracht rochtain a thabhairt do gach leanbh ar scéalta iontacha. Beidh ócáidí scoile beo le húdair agus léiritheoirí Éireannacha Lá Domhanda na Leabhar ar siúl i Lána an Mhuilinn Ghaoithe, Baile Átha Cliath 2, chun an lá a cheiliúradh, leis na mílte daltaí ar fud na tíre ag breathnú trí bheoshruthú a bhuí le tacaíocht Éire Ildánach, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus Stiúideónna Lána an Mhuilinn Ghaoithe.

Tá gach leabhar €1.50/£1 de chuid Lá Domhanda na Leabhar anois ar fáil in Braille, mar chlosleabhar agus i bhfoirm dhigiteach, a bhuí le tacaíocht ó Chomhairle Náisiúnta na hÉireann do na Daill, le cinntiú gur féidir le páistí a bhfuil lagú radhairc orthu, nó deacrachtaí léitheoireachta acu páirt a ghlacadh sa cheiliúradh in éineacht le páistí eile.

Leabhair Lá Domhanda na Leabhar 2023

Leabhair Éireannacha i gcomhair Lá Domhanda na Leabhar 2023 ...

  • Rita agus an Dragún, Máire Zepf a scríobh agus Mr. Ando a mhaisigh (An tSnáthaid Mhór)
  • Hazel Tree Farm: One Stormy Night, Alma Jordan a scríobh agus Margaret Anne Suggs a mhaisigh

Do thosaitheoirí...

  • Billy’s Bravery, Tom Percival a scríobh agus a mhaisigh (Bloomsbury Children’s Books)
  • Bedtime for the Burpee Bears, Joe Wicks a scríobh agus Paul Howard a mhaisigh (HarperCollins Children’s Books)
  • Lifesize Creepy Crawlies, Sophy Henn a scríobh agus a mhaisigh (Red Shed, Farshore)

Do luathléitheoirí ...

  • You Choose Your Adventure le Pippa Goodhard agus Nick Sharratt (Puffin, Penguin Random House Children’s)
  • Dave Pigeon: Bookshop Mayhem, Swapna Haddow a scríobh agus Sheena Dempsey a mhaisigh (Faber)
  • Marvel SpiderMan: The Amazing Pocket Guide, le Catherine Saunders (DK)
  • The Boy With Wings: Attack of the Rampaging Robot, Lenny Henry a scríobh agus Keenon Ferrell a mhaisigh (Macmillan Children’s Books)
  • A Dragon Realm Adventure le Katie agus Kevin Tsang (Simon & Schuster Children’s Books)

Do léitheoirí líofa ...

  • The Strangeworlds Travel Agency: Adventure in the Floating Mountains, le L.D Lapinski (Hachette Children’s Group)
  • Kay’s Brilliant Brains, Adam Kay a scríobh agus Henry Paker a mhaisigh (Puffin, Penguin Random House Children’s)

Do léitheoirí neamhspleácha ...

  • Boot It!, A.M Dassu a scríobh agus Zainab ‘Daby’ Faidhi a mhaisigh (Old Barn Books)
  • Being an Ally: Real Talk About Showing Up, Screwing Up, and Trying Again, Shakirah Bourne (sí/í) agus Dana Alison Leavy (sí/í) a chuir in eagar (DK)

Oibríonn lucht Lá Domhanda na Leabhar go dlúth le comhpháirtithe, díoltóirí leabhar san áireamh, ar fud na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe, níos mó ná cúig fhoilsitheoir is tríocha, Leabhair Pháistí Éireann, Foras na Gaeilge, BookTrust, National Literacy Trust, Cumann na bhFoilsitheoirí, Cumann na nDíoltóirí Leabhar agus Libraries Connected.

Tá aidhm acu rochtain ar leabhair a fheabhsú agus leabhair a bhronnadh ar phobail iargúlta trí chlár leathan bronnta leabhar.

Clúdóidh An Post an costas a bhaineann le 14,000 leabhar de chuid Lá Domhanda na Leabhar a sheachadadh chuig páistí in ospidéil, in ionaid soláthair dhírigh, seirbhísí do dhaoine gan dídean agus pobail den Lucht Siúil, in am do Lá Domhanda na Leabhar.

Dúirt Debbie Byrne, Bainisteoir Stiúrtha, Miondíol An Post: ‘Creidimid, ag An Post, i gcumhacht na bhfocal agus na léitheoireachta chun saol daoine a athrú agus tá sé mar sprioc againn Éire a chruthú inar féidir le gach duine ó gach cúlra a scileanna léitheoireachta agus scríbhneoireachta a fheabhsú. Sin é an fáth go bhfuil lúcháir orainn a bheith ag obair le Leabhair Pháistí Éireann chun corradh is 14,000 leabhar a sheachadadh saor in aisce chuig páistí ar fud na tíre, chun Lá Domhanda na Leabhar a cheiliúradh, mar beag beann ar a gcúinsí, tá an deis tuillte ag gach páiste in Éirinn a bheith acu a n-acmhainn iomlán a bhaint amach.’

Dúirt Elaina Ryan, Príomhfheidhmeannach Leabhair Pháistí Éireann: ‘Ní fhéadfadh misean Lá Domhanda na Leabhar, saol daoine a athrú le grá do leabhair agus don léitheoireacht, a bheith ag teacht níos mó lenár sprioc féin anseo ag Leabhair Pháistí Éireann. Táimid ag iarraidh go mbeidh gach páiste in Éirinn ina léitheoir, go mbeidh gach duine óg in Éirinn in ann tairbhe a bhaint as na buntáistí a thagann leis an léitheoireacht ar son spraoi. Tá lúcháir orainn a bheith ag obair le comhpháirtithe iontacha chun an fhís sin a chur chun cinn an Lá Domhanda na Leabhar seo, agus táimid ag súil go mór le feiceáil cé na leabhair iontacha de chuid Lá Domhanda na Leabhar a roghnóidh léitheoirí óga na hÉireann.’

Dúirt Cassie Chadderton, Príomhfheidhmeannach Lá Domhanda na Leabhar: ‘Tá Lá Domhanda na Leabhar ann chun níos mó páistí, go háirithe iad siúd ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste, a spreagadh tairbhe a bhaint as nós léitheoireachta ar son pléisiúir ar feadh a saoil; ní féidir luach a chur ar an tionchar dearfach a bhíonn aige. Tá lúcháir orainn go bhfuil níos mó fós d’acmhainní Lá Domhanda na Leabhar ar fáil i nGaeilge i mbliana, a bhuí lenár gcomhghleacaithe, Leabhair Pháistí Éireann agus Foras na Gaeilge. Táimid ag iarraidh go mbraithfidh gach páiste, teaghlach, scoil agus pobal go bhfuil fáilte rompu lúcháir na léitheoireachta a cheiliúradh, ar bhealaí a oireann dóibh.’

Dúirt Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge: ‘Is cuid riachtanach í an léitheoireacht den phróiseas a bhaineann le húsáid teangacha mionlaithe a athbhunú agus a normalú. Is bealach iontach dúinn í comhpháirtíocht Fhoras na Gaeilge don dara bliain as a chéile le Lá Domhanda na Leabhar lenár réimse leathan leabhar Gaeilge a chur i láthair lucht léitheoireachta níos leithne in Éirinn agus go hidirnáisiúnta, ar bhealach a ligeann dúinn scoth na scríbhneoireachta Gaeilge a léiriú agus, tá súil againn, saol daoine a athrú tríd an léitheoireacht.’ 

Le tuilleadh eolais ar leabhair, imeachtaí agus acmhainní Lá Domhanda na Leabhar a fháil, téigh go dtí worldbookday.com.

Le leabhair Lá Domhanda na Leabhar a fháil trí Sheirbhísí Rochtana Leabharlannaíochta Chomhairle Náisiúnta na hÉireann do na Daill, déan teagmháil le library@ncbi.ie

                                                                              

CRÍOCH

Teagmháil: Claire Hourihane, Leabhair Pháistí Éireann.

Ríomhphost: claire@childrensbooksireland.ie Fón: +353 87 324 0456 / 01 872 7475

Nótaí d’eagarthóirí

  • Tá Elaina Ryan, Príomhfheidhmeannach Leabhair Pháistí Éireann, ar fáil le ráiteas agus agallamh a thabhairt.
  • Julien Behal a eisíonn íomhánna do na meáin.
  • Tá clúdaigh leabhair agus pacáistí meán Lá Domhanda na Leabhar ar fáil le híoslódáil anseo.
  • Haischlib an fheachtais: #LáDomhandanaLeabhar.

Suíomh gréasáin: nationalbooktokens.com