Polasaí Fhoras na Gaeilge maidir le Fianáin

Dála bunús suíomhanna gréasáin úsáidimid roinnt fianán. Is iad is fianáin iontu comhaid bheaga téacs a stórálann do bhrabhsálaí ar do ríomhaire. Úsáidtear iad le haghaidh mórán rudaí, lena n-áirítear cuimhneamh an raibh tú ag an suíomh roimhe, ionas go bhfanfaidh tú logáilte isteach, nó le cuidiú linn a oibriú amach cé mhéad cuairteoir a fuaireamar ar an suíomh thar thréimhse ama faoi leith. Tá eolas sna fianáin seo maidir le húsáid do ríomhaire ach níl eolas pearsanta iontu fút.

Do thoiliú d’fhianáin

Trí úsáid a bhaint as an suíomh seo aontaíonn tú gur féidir linn fianáin a stóráil agus a rochtain ar do ghléas. Féadfaidh do bhrabhsálaí ligean duit a shocrú conas a láimhseálann sé fianáin, mar shampla, gach fianán a dhiúltú nó nod a thabhairt duit maidir le cé acu glacadh nó gan glacadh le gach fianán. Ach tabhair faoi deara gur féidir nach n-oibreoidh roinnt codanna den suíomh mar a ceapadh nó nach n-oibreoidh siad ar chor ar bith cheal fianán.

Cad iad na fianáin a úsáidimid?

  • Fianáin seisiúin – de réir mar a thaistealaíonn tú timpeall ár suímh tá amanna ann nuair a chaithfimid cuimhneamh ar eolas teicniúil fút agus tú ag dul ó leathanach go leathanach. Úsáidimid an t-eolas teicniúil seo ar an lán bealach le d’eispéireas úsáideora a fheabhsú. Níl aon eolas is féidir a aithint go pearsanta san fhianán seo agus ní fhanann sé ann ach go dtí go gcríochnóidh tú do sheisiún, de ghnáth nuair a imíonn tú ónár suíomh.
  • Úsáidimid seirbhísí anailísíochta gréasáin le do bhrabhsálaí nó do ghléas a aithint, mar shampla, lena aithint ar thug tú cuairt ar sheirbhísí faoi leith a chuirimid ar fáil roimhe seo. Tá an t-eolas seo anaithnid agus ní úsáidtear é ach le haghaidh cuspóirí staitistiúla. Ligeann sé dúinn eolas a rianú, lena n-áirítear cé mhéad úsáideoir aonair atá againn agus cá mhinice a thugann siad cuairt ar ár suíomh gréasáin.
  • Fianán seasmhach nó seisiúin logála isteach – nuair a logálann tú isteach i réimse srianta féadfaimid fianán a shocrú ar do ríomhaire le cuimhneamh ar do shonraí logála isteach. Is féidir seo a úsáid ar mhaithe le d’áisiúlacht ionas nach gá duit an t-eolas logála isteach a chur ar fáil nuair a thagann tú ar cuairt ina dhiaidh sin. Fanfaidh an fianán seo ar do ríomhaire go brách, fiú tar éis duit imeacht ónár suíomh.

D’fhianáin a rialú

Ní úsáidimid fianáin le heolas fút atá inaitheanta go pearsanta ach féadfaimid eolas ó do chlárúchán a cheangal leis na sonraí a fhaighimid ón tseirbhís anailísíochta gréasáin a úsáidimid, agus a gcuid fianán, le hanailís a dhéanamh ar conas a úsáideann tusa agus daoine eile ár seirbhísí ar líne.

Fianáin a bhainistiú i do bhrabhsálaí

Ligeann an chuid is mó brabhsálaithe duit:

  • fianáin ó thríú páirtithe a chosc
  • fianáin ó shuíomhanna áirithe a chosc
  • a fheiceáil cad iad na fianáin atá agat agus iad a scrios ar bhonn aonair
  • gach fianán a chosc ó bheith socraithe
  • gach fianán a scrios nuair a dhúnann tú do bhrabhsálaí

Ba chóir duit a bheith ar an eolas go gcaillfidh tú aon sainroghanna má scriosann tú fianáin, lena n-áirítear nuair a dhiúltaigh tú fianáin mar teastaíonn fianán diúltaithe a bheith socraithe dó seo. Chomh maith leis sin, má choisceann tú fianáin go hiomlán ní fheidhmeoidh a lán suíomhanna gréasáin mar is ceart agus ní oibreoidh roinnt feidhmíochta ar chor ar bith ar na suíomhanna gréasáin seo. Ní mholaimid fianáin a chur as nuair a úsáideann tú ár seirbhísí ar líne mar gheall ar na cúiseanna seo. Faigh amach tuilleadh faoi conas d’fhianáin a bhainistiú do gach ceann de na brabhsálaithe seo thíos:

Google Chrome: http://support.google.com/chrome/bin/answer.py?hl=en&answer=95647

Firefox: http://support.mozilla.org/en-US/kb/Cookies

Internet Explorer: http://support.microsoft.com/kb/196955

Opera: http://www.opera.com/browser/tutorials/security/privacy/

Safari: http://docs.info.apple.com/article.html?path=Safari/5.0/en/9277.html

Safari iOS: http://support.apple.com/kb/HT1677

Android: http://support.google.com/mobile/bin/answer.py?hl=en&answer=169022

Blackberryhttp://docs.blackberry.com/en/smartphone_users/deliverables/32004/Turn_off_cookies_in_the_browser_60_1072866_11.jsp

Windows Phone: http://www.microsoft.com/windowsphone/en-us/howto/wp7/web/changing-privacy-and-other-browser-settings.aspx

Fianáin anailísíochta a bhainistiú

Chomh maith le comhaid logála úsáidimid Google Analytics le hanailís a dhéanamh ar cad a mbreathnaíonn daoine air ar ár suíomh gréasáin. Ní eolas pearsanta é Google Analytics; ní fios dó cé thú. Le aghaidh tuilleadh eolais ar conas a úsáideann Google fianáin féach http://www.google.com/policies/technologies/cookies/. Le haghaidh eolais ar úsáid fianán Google Analytics ar shuíomhanna gréasáin féach http://developers.google.com/analytics/devguides/collection/analyticsjs/cookie-usage.

Fianáin seirbhíse tríú páirtí

Tá comhroinnt shóisialta, físeáin agus seirbhísí eile a chuirimid ar fáil á reáchtáil ag comhlachtaí eile. Má tá tú logáilte isteach i seirbhísí na gcomhlachtaí seo cheana féin nuair a thugann tú cuairt ar ár suíomh féadfaidh siad fianáin a chur ar do ríomhaire. Faigh amach tuilleadh faoi sheirbhísí ar leith a fhéadfaimid a úsáid agus an úsáid a bhaineann siad as fianáin ag na seoltaí seo a leanas:

Eolas a logáiltear go huathoibríoch

Úsáidimid do sheoladh IP, gníomhairí úsáideora loga agus seoladh tagartha le cuidiú fadhbanna lenár bhfreastalaí a dhiagnóisiú, lenár suíomh gréasáin a riaradh agus le húsáideoirí aonair a aithint. Úsáidtear do sheoladh IP le heolas leathan déimeagrafach a bhailiú. Ní thugaimid sonraí ár gcomhad logála d’aon tríú páirtí.