Nuashonrú mór ar ábhar an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge

Bheith istigh ag body shaming, single-use plastic, withdrawal agreement agus emergency accommodation den chéad uair

 

Rinne Foras na Gaeilge nuashonrú suntasach ar shuíomh an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge ar an Déardaoin 10 Eanáir. Mar chuid den obair atá ar siúl ar an leagan clóite den fhoclóir leasaíodh breis is 13,000 iontráil le bliain anuas, idir shlacht a chur ar iontrálacha, earráidí a cheartú agus chomhaid fuaime agus ghramadaí bhreise a chur le hiontrálacha.

Chomh maith leis na leasuithe thuas, tá breis is 100 iontráil/ciall nua curtha leis an bhfoclóir bunaithe ar chúrsaí reatha, anailís ar chuardaigh ar an suíomh (cuardaigh gan toradh, go háirithe), aiseolas/iarratais ó úsáideoirí, agus gnáthúsáid Bhéarla na hÉireann. I measc na n-iontrálacha agus na n-aonad céille nua a cuireadh leis an suíomh tá:

  • Cúrsaí reatha: backstop, burqa, shaming (body shaming), Eurosceptic, withdrawal agreement, homeless crisis, emergency accommodation, rough sleeper, homeless hub, single-use plastic, House of Commons, regulatory alignment, customs arrangement, hard border, soft border, frictionless economy, direct trade.
  • Cuardaigh agus iarratais ó úsáideoirí: craft beer, cutie, soakage, snowball fight, influencer, critical thinking, Dubai, carpool, sparkling water, pay gap, transformative.
  • Úsáid Bhéarla na hÉireann: to make strange with sb, quare, scutter, hames, to be sore on sb, cat (the weather’s cat), not the sharpest tool in the shed.

Tá líon na n-úsáideoirí ar líne ag méadú i gcónaí: sa bhliain 2018, thriall breis is 1.9 milliún úsáideoir ar foclóir.ie, agus táthar muiníneach go sárófar an 2 mhilliún úsáideoir in aghaidh na bliana gan mhoill.

Is é an Foclóir Nua Béarla-Gaeilge an príomhthionscadal foclóireachta atá idir lámha ag Foras na Gaeilge faoi láthair. Tá sé ar fáil saor in aisce ar líne agus mar aip, agus beidh sé ar fáil mar leabhar in 2020.

Faighimid aiseolas ón bpobal go rialta mar gheall ar an bhfoclóir, aiseolas a bhaineann leis an ábhar agus le feidhmiúlacht an tsuímh. Táimid an-bhuíoch de na daoine sin a chuireann an t-aiseolas luachmhar sin chugainn agus tá mórán leasuithe déanta againn san fhoclóir dá réir. Bí i dteagmháil linn ag aiseolas@focloir.ie.

Tuilleadh eolais: 

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175    

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie