Gearrliostaí na nGradam Foilsitheoireachta 2019 fógartha

D’fhógair An tOireachtas, i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge, inniu (Déardaoin, 15 Lúnasa 2019) na leabhair atá ainmnithe ar na Gearrliostaí do Gradam Réics Carló (Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg), Gradam Shúilleabháin (Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta) agus gradam úrnua do shaothar aistrithe go Gaeilge ó theanga eile, Gradam de Bhaldraithe.

Roghnaítear na buaic-shaothair de réir na gcritéar seo a leanas: fiúntas an ábhair; caighdeán na Gaeilge; dearadh an leabhair, ag áireamh téacs, clúdach, léaráidí agus dea-chleachtas foilsitheoireachta; caighdeán foilsitheoireachta; agus mar a fhreastalaíonn an leabhar ar riachtanais an mhargaidh léitheoireachta.

seacht leabhar déag (17) roghnaithe ar ghearrliostaí na bliana seo - (6) leabhar ar ghearrliosta Ghradam Shúilleabháin, cúig (5) leabhar ar ghearrliosta Ghradam Réics Carló agus (6) leabhar ar ghearrliosta Ghradam de Bhaldraithe. I measc na dTithe Foilsitheoireachta a bhfuil leabhar ainmnithe acu i mbliana , Cló Iar-Chonnacht, Cois Life, Dalen Éireann, Foilseacháin Ábhair Spioradálta, Futa Fata, Leabhar Breac, agus LeabhairCOMHAR. liosta iomlán den trí ghearrliosta ar fáil thíos.

Déanaim comhghairdeas ó chroí le gach Teach Foilsitheoireachta atá ar ghearrliostaí na bliana seo”, a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. fás agus forbairt dochreidte tagtha ar earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge agus áthas orainn, mar eagraíocht, a bheith bainteach leis sin agus aitheantas cuí a thabhairt don obair mhór atá ar siúl. Tugann misneach dúinn go bhfuil seacht leabhar déag á bhfógairt againn inniu a foilsíodh le deich anuas agus tréaslaím leis na Tithe Foilsitheoireachta as an díograis, an paisean agus sár-chaighdeán na foilsitheoireachta atá acu”, a dúirt .

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Déanaim comhghairdeas leis na foilsitheoirí uile atá ar ghearrliostaí na bliana seo. fás mór i ndiaidh teacht ar fhoilsitheoireacht na Gaeilge le 20 bliain; leabhair den scoth á bhfoilsiú, agus réimse an-mhaith ar fáil anois i raon leathan seánraí, do dhaoine ar spéis leo ábhar léitheoireachta i nGaeilge. lúchair orm go bhfuil na gradaim fhoilsitheoireachta á leathnú amach agus gradam úr, Gradam de Bhaldraithe, curtha leo i mbliana den chéad uair chun aitheantas cuí a thabhairt saothar i réimse an aistriúcháinGuím gach rath ar na Tithe Foilsitheoireachta”.

Fógrófar na buaiteoirí ag oíche mhór liteartha, ag a ndéanfar ceiliúradh ar gach gné de scríbhneoireacht na Gaeilge, i dTeach an Ardmhéara, Baile Átha Cliath, Máirt, 1 Deireadh Fómhair 2019, tráth a ndéanfaidh Leabhair COMHAR Portráidí Scríbhneoirí Gaeilge 2020 a nochtadhGabhann duaischiste de €17,000 leis an trí ghradam foilsitheoireachta. eolas cuimsitheach maidir leis na leabhair ar fáil ag www.antoireachtas.ie.
 

Le haghaidh tuilleadh eolais: 
Louise Dháibhéid, An tOireachtas     T: 00353 87 1005439      R: louise@antoireachtas.ie

 

Nótaí don Eagarthóir

  1. Bronnfar na duaiseanna mar seo a leanas: €5,000 ar fhoilsitheoir an leabhair do Ghradam Shúilleabháin agus €2,500 ar údar an tsaothair; €5,000 ar fhoilsitheoir an leabhair do Ghradam Réics Carló, €1,250 ar údar an tsaothair agus €1,250 ar mhaisitheoir an tsaothair; €1,500 ar fhoilsitheoir an leabhair do Ghradam de Bhaldraithe agus €500 ar aistritheoir an tsaothair.
  2. Is iad Foras na Gaeilge a dhéanann urraíocht ar na Gradaim Fhoilsitheoireachta.
  3. Is Ceanneagraíocht é An tOireachtas sa réimse, ‘Deiseanna a thacaíonn le hÚsáid na Gaeilge agus Bunú Gréasán’.
  4. Comórtais Liteartha an Oireachtais ar an bhfód ón mbliain 1897 agus tugann siad aitheantas agus ardán thar a bheith luachmhar do scríbhneoirí na Gaeilge. cuid de mhórscríbhneoirí an chéid seo caite, Pádraig Mac Piarais, Máirtín Ó Cadhain agus Nuala Dhomhnaill i measc iar-bhuaiteoirí na gcomórtas seo.
  5. Eagraíonn an tOireachtas príomhfhéile náisiúnta na nGael, Oireachtas na Samhna, go bliantúil agus chuimsíonn comórtais do dhaoine óga agus do dhaoine fásta sna taibh-ealaíona traidisiúnta mar aon le réimse leathan imeachtaí ceoil, amhránaíochta, caidrimh, siamsaíochta, spóirt agus dioscúrsa.
  6. Bíonn eolas cothrom le dáta i gcónaí ar www.antoireachtas.ie maidir le himeachtaí agus comórtais uile na heagraíochta.

Gradam Shúilleabháin

GRÁINNEGAISCÍOCH GAEL le Siobhán Parkinsonfoilsithe ag Cois Life – 

Le blianta anuas atá athrú nach beag tagtha ar cháil Ghráinne Mháille, ó neamairt na staire ar feadh na gcéadta bliain go dtí an t-ardstádas lena bhféachtar uirthi inniu, amhail pearsa diaganta, nach mórFoghlaimíonn páistí scoile fúithi, agus is insint a dhéantar ar a saol dathannach, ina measc, insintí neamhfhicsin agus úrscéalta grafacha, drámaí agus ceolBhí an-tóir ar scéalta faoina cuid eachtraí agus faoina cuid gaiscí ach raibh úrscéal againn go dtí anois a thug léargas iomlán ar a saol.  

AN TROMDHÁMH le Feargal Ó Béarrafoilsithe ag Leabhar Breac - Cuairt a thug Seanchán Ollamh agus a chuideachta ar an rí, agus saint is síor-éilimh na cuideachta ainmheasartha sinidir fhilí, cheoltóirí, bhantracht is ghiollaí — is údar don aoirscéal binb-bhriathrach seo ó pheann anaithnid thart ar an mbliain 1300. Scéal iltéamach ilchisealach é Tromdhámh Guaire a bhfuil cuid dá phréamha ag síneadh siar chomh fada leis an seachtú́ haois, tréimhse a shamhlaítear le triúr dá mhórphearsana, Seanchán Toirpéist féin, Dallán Forgaill, agus Guaire an Oinigh. Sa leagan nua-chóirithe seo, tugtar friotal is foghar an tseanscéil slán go soléite do léitheoir na haoise seo.
TITLEY le Máirtín Coilféirfoilsithe ag LeabhairComhar – Ábhar critice ar shaothar Titley atá sa leabhar seo. Is é saothar scríofa agus stáitse Titley, seachas a shaothar don raidió don teilifís, atá faoi chaibidil ag an údar agus cuirtear san áireamh mórán gach a bhfuil foilsithe aige óna chéad alt i 1965 go dtí an t-alt is deireanaí uaidh in 2016.
LUÍSE GHABHÁNACH DHUFAIGH: CEANNRÓDAÍ le Celia de Fréinefoilsithe ag LeabhairComhar – Beathaisnéis Luíse Ghabhánach Dhufaig, bhean iomráiteach, fhísiúil, mhisniúil atá sa leabhar seo agus cuireann Celia de Fréine i láthair go seoigh í le daonnacht agus le dúthracht taighde.
Tairngreacht le Proinsias Mac a’ Bhairdfoilsithe ag LeabhairComhar - Cuirtear saol Chonchúir Bhraonáin bun os cionn go hiomlán nuair a thagann ar dhúnmharú scáfar ar mhullach uaigheanna Néill agus Dhónaill sa Róimh. Is gearr go mbíonn a bheatha féin i mbaol
LÁMH, LÁMH EILE le hAlan Titleyfoilsithe ag Cló Iar-Chonnacht – Úrscéal cruabhruite bleachtaireachta lonnaithe in Éirinn comhaimseartha atá sa leabhar seo a bhfuil gach uile rud ag baint leis - bleachtairí ar cuma leo, Gardaí a bhfuil a bpraghas féin acu (b’fhéidir), Rúisigh leis an iliomad airgid, lucht siúil barbartha agus béasach, iománaithe ar an gclaí, mná beáir críonna agus go leor eile.

 

 

Gradam Réics Carló

 

BOSCADÁN le hÁine Ghlinnfoilsithe ag Cois Life – róbó cairtchláir á chruthú ag Aoife, agus níl uaithi ach píosa spraoi. Nuair a thagann an róbó chun beatha, tosaíonn an spraoi i gceart!

 

NÓINÍN le Máire Zepffoilsithe ag Cois Life – Casann Nóinín, déagóir cúthail, ar bhuachaill ar an idirlíon. Níl Oisín cosúil leis na buachaillí eile ar scoil. Nuair a thiteann Nóinín i ngrá le hOisín, déanann dearmad ar a cara is fearr, Eimear. Úrscéal saorvéarsaíochta é seo ina n-insíonn Nóinín féin agus Eimear an thaobh den scéal.

 

SPÉIRLING le hOrna Choileáin, foilsithe ag Cois Life – Is minic a bhíonn Manon agus Líosa ag cadhcáil ag siopadóireacht, agus iad ag baint súp as an saol ar oileán Aruba, oileán i Muir Charaib. Nuair a chasann siad ar chailín eile n-aois féin ar an trá, tagann athrú ar an saol socair sin.

 

BEAG BÍDEACH le Sadhbh Devlin agus maisithe ag Róisín Hahessyfoilsithe ag Futa Fata - grá ag Nína deartháirín beag Jimí. Ach, uaireanta cuireann isteach uirthi. Go háirithe nuair atá ag iarraidh a bheith ag spraoi le cairde speisialta Nína, na babóga.
PERCY PÉACÓG le Gemma Breathnach agus maisithe ag Tarsila Krüsefoilsithe ag Futa Fata – Percy Péacóg cuthail. maith leis aird, ach rud amháin, mór álainn, ildaite ag baint le Percy a tharraingníonn go leor airde aira eireaball mór, ildaite. In am an ghátair, faigheann an phéacóg chúthail amach gur rud an-úsáideach é an t-eireaball céanna….

 

Gradam de Bhaldraithe

K.O.S.T.K.A le Przemyslaw Wysoglad SJ agus aistrithe ag Mark Ó Fionnáinfoilsithe ag Foilseacháin Ábhair Spioradálta – Sa choimic K.O.S.T.K.A. scéal Staszek agus a dhearthár Paweł. Scéal bheirt ógánach a thug orthu an bóthar fada go Vín chun iad féin a ullmhú ann do shaol an duine fhásta
FILE AR FHILE le Rimbaud, Anedda, Machado, Fried agus Chedid agus aistrithe ag Liam Ó Muirthile, Eiléan Chuilleanáin, Tomás Mac Síomóin, Gabriel Rosenstock, Ailbhe Ghearbhuighfoilsithe ag Cois Life – Tionscadal uaillmhianach aistriucháin filíochta í seo ina ndéanann filí aitheanta na hÉireann aistriúcháin go Gaeilge ar dhánta filí suaithinseacha na hEorpa. Eagráin uimhrithe theoranta atá sa saothar, seoda ó fhilíocht na hEorpa ón naoú haois déag go dtí an inniu.
MO THEACHÍN GAN CHUMA GAN CHAOI le Julia Donaldson agus aistrithe ag Tadhg Mac Dhonnagáinfoilsithe ag Futa Fata –  seanbhean ina cónaí i dteachín beag agus í míshásta go bhfuil an áit chomh beag. Tagann seanfhear cliste an bealach agus cuireann comhairle aisteach uirthian bhó, an gabhar, an mhuc agus an chearc a thabhairt isteach sa teach. An mbeidh sásta?
ASTERIX AGUS TROID NA dTREABH le R. Goscinny & A. Uderzo agus aistrithe ag Gabriel Rosenstockfoilsithe ag Dalen Éireann – Is ceannaire é Tadhgus Dháthaobhix atá sásta comhoibriú le lucht an choncais, na Rómhánaigh. Téann i ngleic le Taoisix i dTroid na dTreabhan a bhuafaidh an troid sin beidh i gceannas ar threibh an cheannaire chloíte.
CHARLIE AGUS MONARCHA NA SEACLÁIDE le Roald Dahl agus aistrithe ag Niamh Argáinfoilsithe ag Leabhar Breac – Níl Willy Wonka - an taobh istigh mhonarcha iontach seacláide feicthe ag aon duine le blianta fada. Nuair a fhógraíonn comórtas ina dtabharfar buaiteoirí na gcúig thicéad órga ar thuras sa mhonarcha, tír is talamh ag iarraidh teacht ar na ticéid!
BERTIE BROCACH le hAlan MacDonald agus aistrithe ag Marion Shúilleabháinfoilsithe ag Cló Iar-Chonnacht - Seo é Bertie Brocach, an buachaill is brocaí, is bréine agus is barrúla dár casadh ariamh ort. Cuirfidh alltacht ort. Cuirfidh déistean ort. Cuirfidh fonn múisce ort, b'fhéidir. Ach más maith leat mísc agus más breá leat brocamas, agus más dánaíocht agus diabhlaíocht is deise leat ar domhan, suigh síos go socair agus bain sásamh agus sonas as.