Cnuasach Aistí
Gníomh dóchais agus misnigh a bhí i mbunú an Ghúim in 1926. Bhí droch‑chaoi ar an tír agus créachtaí an Chogaidh Chathartha fós ag déanamh braoin, ach ba mheabhrú é ar a thábhachtaí a bhí an Ghaeilge sa stát nua bunú na scéime chun ábhar léitheoireachta Gaeilge a chur ar fáil don phobal ag an am. Mar chomóradh ar nócha bliain a bhunaithe reáchtáladh comhdháil lae ar an nGúm i mí Dheireadh Fómhair 2016 i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Tá téacs iomlánaithe na gcainteanna a tugadh an lá sin ar fáil anois sa chnuasach aistí seo. Cnuasach é ina rianaítear an cúlra, an comthéacs staire chomh maith le cuid de na héachtaí liteartha agus ealaíne, na carachtair agus na conspóidí a bhain leis an nGúm i gcaitheamh na mblianta. Aistí léannta, eolacha, inléite iad seo le buíon scoláirí a chuireann go mór lenár dtuiscint ar an am agus ar an ábhar atá faoi chaibidil acu.
Is féidir éisteacht le taifead de na cainteanna ar an ardán SoundCloud.
www.soundcloud.com