Níl Éisc le Trust

Níl Éisc le Trust

Neil Sharpson
Dan Santat a mhaisigh

An bhfuil éisc le trust? Sin í an cheist mhór atá á plé sa leabhar conspóideach seo, leabhar atá ar maos le greann.

Cuirfidh an leabhar seo ag machnamh thú ar na héisc agus ar a gcuid dóigheanna aisteacha, mar shampla:

  • Cad chuige a gcaitheann siad a gcuid ama uile san uisce, áit nach bhfeictear iad? 
  • Tá cuid acu chomh mór le bus – níl sin ceart! 
  • Tugtar ‘scoil’ ar ghrúpa éisc, ach cad é atá siad a fhoghlaim sna ‘scoileanna’ seo? 
  • An bhfuil sé i gceist acu deireadh a chur linn?

Tá an leabhar seo lán eolais agus spraoi … ach má tá peata éisc sa bhaile agat, ní bheidh suaimhneas intinne agat choíche arís!

Léitheoireacht riachtanach d’iascairí agus do pháistí 6–9 mbliana d’aois.

Is aistriúchán é Níl Éisc le Trust ar Don’t Trust Fish le Neil Sharpson agus Dan Santat.

ISBN 9781837200009
€12