Dan Santat a mhaisigh
An bhfuil éisc le trust? Sin í an cheist mhór atá á plé sa leabhar conspóideach seo, leabhar atá ar maos le greann.
Cuirfidh an leabhar seo ag machnamh thú ar na héisc agus ar a gcuid dóigheanna aisteacha, mar shampla:
- Cad chuige a gcaitheann siad a gcuid ama uile san uisce, áit nach bhfeictear iad?
- Tá cuid acu chomh mór le bus – níl sin ceart!
- Tugtar ‘scoil’ ar ghrúpa éisc, ach cad é atá siad a fhoghlaim sna ‘scoileanna’ seo?
- An bhfuil sé i gceist acu deireadh a chur linn?
Tá an leabhar seo lán eolais agus spraoi … ach má tá peata éisc sa bhaile agat, ní bheidh suaimhneas intinne agat choíche arís!
Léitheoireacht riachtanach d’iascairí agus do pháistí 6–9 mbliana d’aois.
Is aistriúchán é Níl Éisc le Trust ar Don’t Trust Fish le Neil Sharpson agus Dan Santat.


