Gareth Lucas a mhaisigh
Pól Mac Fheilimidh a d'aistrigh
Má bhí ceist agat riamh faoin saol mórthimpeall ort, seo an tsraith duitse! Tá 5 leabhar sa tsraith Inis Seo Dom! agus iad lán le freagraí ar gach cineál ceiste a bheadh agat.
Is é atá sa leabhar seo ná sraith de cheisteanna a chothóidh spéis sna léitheoirí óga: Cén reiptíl is cineálta mar mháthair? Cén t-ábhar gáire atá ag an gcrogall? Cén turtar a bhfuil drochbholadh uaidh?
Tugtar freagraí suimiúla simplí ar na ceisteanna sin chun gur féidir le páistí dul i ngleic leo gan stró sa leabhar iontach seo le Amanda O’ Neill. Aistriúchán snasta eile é seo le Pól Mac Fheilimidh. Cuireann na léaráidí geala bríomhara le Gareth Lucas beocht breise san ábhar.
Tuilleadh leabhar sa tsraith chéanna: Cén fáth a bhfuil Salann san Fharraige? Cén fáth a mbíonn Duilleoga ar Chrainn? Cén fáth a mbíonn Scaitháin ar Eitleáin? Cén fáth a bhfuil Dronn ar an gCamall?
Gheobhaidh tú freagraí na gceisteanna sin agus iliomad fíricí suimiúla eile sa tsraith Inis Seo Dom!