Gareth Lucas a mhaisigh
Pól Mac Fheilimidh a d'aistrigh
Má bhí ceist agat riamh faoin saol mórthimpeall ort, seo an tsraith duitse! Tá 5 leabhar sa tsraith Inis Seo Dom! agus iad lán le freagraí ar gach cineál ceiste a bheadh agat.
Is é atá sa leabhar seo ná sraith de cheisteanna a chothóidh spéis sna léitheoirí óga: Cén planda is meas boladh? An itheann daoine féar? Cén fáth a mbíonn dealga ar chrainn? Tugtar freagraí suimiúla simplí ar na ceisteanna sin chun gur féidir le páistí dul i ngleic leo gan stró.
Is údar é Andrew Charman a bhfuil go leor duaiseanna buaite aige as a chuid scríbhneoireachta agus tá an leabhar seo aistrithe go slachtmhar ag Pól Mac Fheilimidh. Cuireann na léaráidí geala bríomhara le Gareth Lucas beocht breise san ábhar.
Tuilleadh leabhar sa tsraith chéanna: Cén fáth a bhfuil Salann san Fharraige? Cén fáth a bhfuil Dronn ar an gCamall? Cén fáth a mbíonn Scaitháin ar Eitleáin? Cén fáth a gcuireann an Nathair a Craiceann di?
Gheobhaidh tú freagraí na gceisteanna sin agus iliomad fíricí suimiúla eile sa tsraith Inis Seo Dom!