Inis Seo Dom! Cén fáth a mbíonn Sciatháin ar Eitleáin?

Inis Seo Dom! Cén fáth a mbíonn Sciatháin ar Eitleáin?

Christopher Maynard
Josy Bloggs a mhaisigh
Pól Mac Fheilimidh a d'aistrigh

Má bhí ceist agat riamh faoin saol mórthimpeall ort, seo an tsraith duitse! Tá 5 leabhar sa tsraith Inis Seo Dom! agus iad lán le freagraí ar gach cineál ceiste a bheadh agat. 

Is é atá sa leabhar seo ná sraith de cheisteanna a chothóidh spéis sna léitheoirí óga: An féidir le gluaisrothar eitilt? Cén cineál báid a mbíonn rothaí uirthi? Cad a bhí sa traein vaigíní? Tugtar freagraí suimiúla simplí ar na ceisteanna sin chun gur féidir le páistí dul i ngleic leo gan stró.

Is údar agus eagarthóir é Christopher Maynard a bhíonn ag scríobh in irisí do pháistí agus tá an leabhar seo aistrithe go slachtmhar ag Pól Mac Fheilimidh. Cuireann na léaráidí geala bríomhara le Josy Bloggs beocht breise san ábhar.  

Tuilleadh leabhar sa tsraith chéanna: Cén fáth a bhfuil Salann san Fharraige? Cén fáth a mbíonn Duilleoga ar Chrainn? Cén fáth a bhfuil Dronn ar an gCamall? Cén fáth a gcuireann an Nathair a Craiceann di? 

Gheobhaidh tú freagraí na gceisteanna sin agus iliomad fíricí suimiúla eile sa tsraith Inis Seo Dom!

ISBN 978-075344-923-3
€10
Clúdach bog Aois léitheoireachta: 6-9