Gareth Lucas a mhaisigh
Pól Mac Fheilimidh a d'aistrigh
Má bhí ceist agat riamh faoin saol mórthimpeall ort, seo an tsraith duitse! Tá 5 leabhar sa tsraith Inis Seo Dom! agus iad lán le freagraí ar gach cineál ceiste a bheadh agat.
Is é atá sa leabhar seo ná sraith de cheisteanna a chothóidh spéis sna léitheoirí óga: Cén dath atá ar an Muir Rua? Conas a análaíonn éisc agus iad san uisce? Cad is feacht aigéin ann? Tugtar freagraí suimiúla simplí ar na ceisteanna sin chun gur féidir le páistí dul i ngleic leo gan stró.
Is údar í Anita Ganeri a bhfuil go leor duaiseanna buaite aici as a cuid scríbhneoireachta agus tá na leabhair seo aistrithe go slachtmhar ag Pól Mac Fheilimidh. Cuireann na léaráidí geala bríomhara le Garthe Lucas beocht breise san ábhar.
Tuilleadh leabhar sa tsraith chéanna: Cén fáth a bhfuil Dronn ar an gCamall? Cén fáth a mbíonn Duilleoga ar Chrainn? Cén fáth a mbíonn Scaitháin ar Eitleáin? Cén fáth a gcuireann an Nathair a Craiceann di?
Gheobhaidh tú freagraí na gceisteanna sin agus iliomad fíricí suimiúla eile sa tsraith Inis Seo Dom!