Joe McLaren a mhaisigh
Siobhán Cheanndána agus Dánta Eile
Gabriel Rosenstock
Joe McLaren a mhaisigh
Radharc ar an saol trí shúile an fhile!
Is iomaí íomhá álainn atá greanta inár n-aigne ag saothar fairsing Gabriel Rosenstock. Seo anois breis seoda filíochta uaidh sa chnuasach Siobhán Cheanndána agus Dánta Eile – bundánta a scríobh Rosenstock féin agus leaganacha Gaeilge de dhánta a scríobh filí eile ó thíortha fud fad na cruinne. Ar pháistí atá 10 mbliana d’aois nó os a chionn atá an cnuasach seo dírithe.
Tá pacáiste acmhainní forbartha ag an nGúm le dul leis an gcnuasach. Dírithe ar Rang 5 agus Rang 6 sa bhunscoil atá na hacmhainní:
- an leabhar Siobhán Cheanndána agus Dánta Eile (ISBN: 978-1-83720-007-8)
- 6 dhánphóstaer mhaisithe A2 (ISBN: 978-1-83720-017-7)
- 6 phóstaer don chlár bán idirghníomhach
- taifead fuaime de na dánta
- bileoga gníomhaíochtaí.
Ón údar céanna leis na leabhair An Eala Órga, Óró na Circíní agus Haiku, más é do thoil é!
Is féidir na dánta sa chnuasach seo a úsáid i gcomhar leis an mír ‘Moltaí maidir le húsáid na filíochta sa rang’ sa leabhar Cúrsa Comhtháite Gaeilge (Leabhar an Oide E, F, G agus H). Cuid de phacáiste Séideán Sí is ea Cúrsa Comhtháite Gaeilge (Leabhar an Oide).


