Siobhán Cheanndána agus Dánta Eile

Siobhán Cheanndána agus Dánta Eile

Gabriel Rosenstock
Joe McLaren a mhaisigh

Siobhán Cheanndána agus Dánta Eile

Gabriel Rosenstock

Joe McLaren a mhaisigh

 

Radharc ar an saol trí shúile an fhile!

Is iomaí íomhá álainn atá greanta inár n-aigne ag saothar fairsing Gabriel Rosenstock. Seo anois breis seoda filíochta uaidh sa chnuasach Siobhán Cheanndána agus Dánta Eile – bundánta a scríobh Rosenstock féin agus leaganacha Gaeilge de dhánta a scríobh filí eile ó thíortha fud fad na cruinne. Ar pháistí atá 10 mbliana d’aois nó os a chionn atá an cnuasach seo dírithe.

 

Tá pacáiste acmhainní forbartha ag an nGúm le dul leis an gcnuasach. Dírithe ar Rang 5 agus Rang 6 sa bhunscoil atá na hacmhainní:

  • an leabhar Siobhán Cheanndána agus Dánta Eile (ISBN: 978-1-83720-007-8)
  • 6 dhánphóstaer mhaisithe A2 (ISBN: 978-1-83720-017-7)
  • 6 phóstaer don chlár bán idirghníomhach
  • taifead fuaime de na dánta
  • bileoga gníomhaíochtaí.

 

Ón údar céanna leis na leabhair An Eala Órga, Óró na Circíní agus Haiku, más é do thoil é!

 

Is féidir na dánta sa chnuasach seo a úsáid i gcomhar leis an mír ‘Moltaí maidir le húsáid na filíochta sa rang’ sa leabhar Cúrsa Comhtháite Gaeilge (Leabhar an Oide E, F, G agus H). Cuid de phacáiste Séideán Sí is ea Cúrsa Comhtháite Gaeilge (Leabhar an Oide).

ISBN 978-1-83720-007-8
Crua
€14
44 lch