Déagóirí

Na Mairbh a d’fhill
Na Mairbh a d’fhill
Cathal Ó Sándair

‘Heileo! Cé sin ag caint? Réics Carló? Is mise Séamus Ó Ceallacháin. Tá rud uafásach tar éis titim amach – tá an Dochtúir imithe!’ Nuair a fhuadaítear an Dr Leon, eolaí rí‑éirimiúil atá ag obair ar aireagán sár-rúnda ar son Rialtas na hÉireann, iarrtar ar a sheanchara Réics Carló an cás a fhiosrú. Tá Réics muiníneach go n-éireoidh leis Leon a thabhairt slán – níor theip air riamh cás a réiteach. De réir mar a théann sé i mbun oibre, áfach, tuigtear dó go bhfuil rud éigin as an ngnáth ar fad faoin gcás áirithe seo. Beidh clisteacht, cúnamh agus a dhá dhorn de
An tEitleán Dofheicthe
An tEitleán Dofheicthe
Cathal Ó Sándair

‘Táimid chun Éire a smachtú le cabhair an Eitleáin Dhofheicthe ó Thigh Mhóire go Domhnach Daoi. Déanfaimid Banc na hÉireann, Dáil Éireann, Ardoifig an Phoist agus áiteanna eile a shéideadh san aer le pléascáin. Millfimid bealaí taistil na príomhchathrach. Stopfaimid an gléas rialtais go léir. Beidh an tír uile bunoscionn.’ Tamall beag i ndiaidh meán oíche ar an 1 Feabhra 1943, déantar ionsaí fíochmhar, barbartha ar iompróir míleata agus é ar a bhealach go saotharlann rúnda i ndeisceart Bhaile Átha Cliath. Maraítear na saighdiúirí uile atá á thionlacan agus goidtear an lastas ríluachmhar atá istigh ann, an tEitleán Dofheicthe. Déanann na Gardaí mionscrúdú
Faoi Cheilt
Faoi Cheilt
Thierry Robberecht

Nuair a fheiceann Elsa, cailín óg Francach, campa gruama na dteifeach lena dhá súil féin, níl tógáil a cinn aici le náire. Ag snámhaíl sa láib atá muintir an champa agus iad ag cur fúthu i bpubaill a ligeann an t-uisce isteach. Ansin, cuireann Elsa aithne ar Shiriach óg darb ainm Bachir. Teastaíonn go géar uaithi cúnamh a thabhairt dá cara nua agus dá theaghlach … ach cad is féidir léi a dhéanamh agus gan inti ach cailín ceithre bliana déag d’aois? Aistriúchán é seo ar an leabhar móréilimh, La Cache, leis an mBeilgeach, Thierry Robberecht. Cliceáil ar an nasc
Gluaiseacht
Gluaiseacht
Alan Titley

Bíodh go luaitear an saothar seo mar úrscéal do dhéagóirí d’oirfeadh sé dá lán é a léamh chun tuiscint a fháil ar chruachás an té ar gá dó teitheadh roimh an uafás. Scéal coscrach cumhachtach á insint sa chéad phearsa. Scéal ógánaigh a thosaíonn i ndúiche atá faoi bhagairt ag cogaidh san Aifric agus a chríochnaíonn ar shráideanna dofháilteacha thuaisceart na hEorpa. Uafás agus daonnacht taobh le taobh a théann go croí cheist na hinimirce nua-aimseartha. Tá an t-úrscéal seo i measc na leabhar atá molta do dhaltaí atá ag gabháil do Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí. Féadfaidh tú éisteacht leis
Azzi idir dhá Stól
Azzi idir dhá Stól
Sarah Garland

Tá Azzi agus a cuid tuismitheoirí i mbaol… Níl rogha acu ach a mbaile féin a fhágáil agus éalú chuig tír eile. Téann siad a chónaí i measc strainséirí, in áit nach dtuigeann siad teanga na ndaoine. Téann Azzi i dtaithí ar na hathruithe móra ina saol go misniúil cróga, ach tá Mamó fós sa bhaile. An bhfeicfidh sí arís go deo í? Scéal corraitheach a insítear, idir phictiúir agus téacs, go lom tuisceanach. Do pháistí os cionn 10 mbliana d’aois an leabhar seo
Haiku, más é do thoil é!
Haiku, más é do thoil é!
Gabriel Rosenstock
Brian Fitzgerald a mhaisigh

Is fada an lá ó thosaigh an file Gabriel Rosenstock ag plé le healaín an haiku. Tugann sé léargas suimiúil spraíúil dúinn sa leabhar gleoite seo ar dhomhan iontach an haiku. Ar an aos óg á an saothar dírithe ach bainfidh idir óg agus aosta sásamh as go cinnte.
Ag Dul i dTír
Ag Dul i dTír
Miriam Molony
Steve Doogan a mhaisigh

An uair dheireanach a casadh Tomás Mac Lannchaidh agus a theaghlach orainn in Turas go Meiriceá bhí siad tar éis an t-aistear fada as Éirinn siar go Meiriceá a chur díobh. Bhí idir bhrón is ghliondar ag baint leis an aistear céanna.  Anois tá siad réidh le dul i dtír agus saol nua a réiteach dóibh féin san Oileán Úr; tús a chur le haistear cinniúnach eile.
LÚBA
LÚBA
Alan Titley
John White a mhaisigh

Bhuaigh an saothar seo gradam Buaicshaothar Próis na Bliana ag Oireachtas 2018. ‘Cad ba mhaith leat anois?’ Ní raibh tuairim agam cad a bhí uaim. Conas a bheadh? ‘Imeacht, is dócha,’ arsa mise, mar b’in iad na focail a tháinig amach. ‘Imeacht in áit éigin nach n-aithneofaí mé.’ Tá Lucy ag streachailt leis an saol: a tuismitheoirí, an scoil, a cairde, a smaointe féin fiú. An dtiocfadh léi saol álainn a bheith aici mar atá ag Clúimhín, an cat? Agus dá mbronnfaí saol an chait uirthi, an mbeadh sí sásta leis? Úrscéal tuisceanach, cliste, greannmhar don aos óg ó dhuine
Aistear tríd an Inchinn
Aistear tríd an Inchinn
David Cotter, Lorna Lopez, Eoin Kelleher, Helen Coughlan, Mary Cannon a scríobh Léaráidí: Eoin Kelleher.   Fionnuala Nic Pháidín a rinne an leagan Gaeilge Is í an inchinn an ball beatha is mó tábhacht agus, b’fhéidir, is lú a bhfuil tuiscint againn air. Féachann an saothar seo le cur lenár dtuiscint uirthi trí mheán téacs agus dathúcháin. Mínítear go gonta cruinn gnéithe éagsúla den inchinn le cabhair íomhánna, mapa inchinne agus cartúin. The brain is our most important organ and perhaps the least well understood. It’s the command station for our body controlling what we think, what we feel and what we do. This colouring book seeks to increase our understanding of the brain in a succinct engaging way using text, images, brain maps and cartoons.
An Capall agus a Ghiolla
An Capall agus a Ghiolla
Is Capall Cainte é Brí agus is giolla bocht é Seasta. Socraíonn siad ar imeacht as tír na Calairméine agus saol an sclábhaí a fhágáil ina ndiaidh. Ní fada ar an bhóthar iad go gcastar beirt eile orthu atá ag éalú fosta – an cailín uasal Aravios agus a compánach féin, Capall Cainte eile darb ainm Bhuin. Tiocfaidh an ceathrar seo i gcabhair ar Nairnia in am an éigin agus foghlaimeoidh Seasta nach bhfuil aon dul ón chinniúint. Seo an dara leabhar i sraith cháiliúil Croinicí Nairnia atá aistrithe ag Antain Mac Lochlainn. Tá bailchríoch chomh paiteanta, snasta céanna curtha
Anansi agus an Scéalta an Domhain
Anansi agus an Scéalta an Domhain
Éamonn Ó Ruanaí a scríobh
Kieron Black a mhaisigh

Rógaire gan sárú é Anansi na n-ocht gcos. Is nós leis bob a bhualadh ar na déithe agus olc a chur ar a chomharsana. Ach taobh amuigh de sin níl sé ródhifriúil liomsa ná leatsa, i ndáiríre. Is breá le Anansi bheith ag comhrá leis na hainmhithe eile (nuair nach mbíonn sé á n-ithe). Is breá leis scéalta agus scéalaíocht. Ach bí ar d’aire, is breá leis bheith i mbun cleasaíochta freisin! Tá cur síos ar naoi gcinn d’eachtraí iomráiteacha Anansi sa leabhar seo ó pheann Éamoinn Uí Ruanaí.
An Eala Órga agus scéalta eile ón India
An Eala Órga agus scéalta eile ón India
Gabriel Rosenstock
Brian Fitzgerald a mhaisigh

Bhí an ghrian go hard sa spéir. Thosaigh na hainmhithe móra ag gearán. ‘Tá an ghrian i bhfad róthe!’ arsa an buabhall uisce. ‘Tá,’ arsa an eilifint. ‘B’fhearr liom é mura n-éireodh sí in aon chor!’ Chuala an ghrian ag caint iad. Shocraigh sí nach n-éireodh sí lá arna mhárach ná an lá ina dhiaidh sin. Stailc! I scéal seo na gréine, agus i scéalta An Eala Órga trí chéile, tugann Gabriel Rosenstock, mar aon lena chomhealaíontóir, Brian Fitzgerald, ar thuras geal i bhfad is i gcéin muid. Seo againn Gúrú na Gaeilge agus é i mbarr a réime. Léigh
An Leon, an Bandraoi agus an Prios Éadaigh
An Leon, an Bandraoi agus an Prios Éadaigh
Aistriúchán gleoite le hAntain Mac Lochlainn ar shaothar cáiliúil C.S. Lewis. Cuirtear ceathrar páistí amach as Londain i rith an Darga Cogadh Domhanda chun éalú ó na buamaí atá ag titim ar an gcathair. Cuirtear go teach seanduine iad i lár na tuaithe. Nuair a osclaíonn Lucy, an duine is óige, an prios éadaigh, tagann na páistí ar dhomhan iontach a bhfuil draíocht agus eachtraí i ndán dóibh ann.
Traenacha in Éirinn
Traenacha in Éirinn
Brian Mac Aonghusa Is deacair do dhaoine sa lá atá inniu ann an t-iontas sin a bhain leis na chéad traenacha a thuiscint ná a shamhlú féin. B’ionann agus spáslong a thuirlingt os a gcomhair iad na traenacha do mhuintir na linne sin.
Tír na Deo
Tír na Deo
J.M. Barrie
Máiréad Ní Ghráda a rinne an leagan Gaeilge

Foilsíodh eagrán nua de Dracula cúpla bliain ó shin agus tá curtha leis sin anois Tír na Deo, atheagrán de leagan cáiliúil Mháiréad Ní Ghráda de Peter Pan. Ba sa bhliain 1938 a chéadfhoilsigh an Gúm Tír na Deo. Ní aistriúchán díreach ar cheann ar bith de na heagráin Bhéarla de Peter Pan a bhí sa saothar, ach athinsint Ghaeilge ar an scéal ó pheann Mháiréad Ní Ghráda. Tá an litriú tugtha de réir an chaighdeáin oifigiúil san eagrán athchóirithe seo. Tá mar bharr maise ar an saothar seo na léaráidí sin le Mabel Lucie Atwell a chuaigh i bhfeidhm
Óró na Circíní agus scéalta eile ón Afraic
Óró na Circíní agus scéalta eile ón Afraic
Gabriel Rosenstock
Illustrated by Brian Fitzgerald

Athinsint ar scéalta béaloidis as an Afraic curtha in oiriúint d’aos óg na Gaeilge ag Gabriel Rosenstock. Tugann an cnuasach seo de 14 scéal as tíortha éagsúla sa mhórchríoch sin léargas dúinn ar thraidisiún saibhir na hAfraice. Bainfidh idir óg agus aosta taitneamh as an leabhar spéisiúil seo.
Dracula
Dracula
Bram Stoker Eagrán nua den aistriúchán iomráiteach a dhein Seán Ó Cuirrín ar mhórshaothar uafáis Bram Stoker. Tá gach braon den bheocht a chuir an Déiseach sa scéal le blaiseadh san eagrán seo agus an litriú curtha in oiriúint do léitheoir an lae inniu. Tá an t-eagrán seo bunaithe ar an gcóiriú a rinne Maolmhaodhóg Ó Ruairc san eagrán a eisíodh sa bhliain 1997. Dracula faoi chaibidil ar www.tuairisc.ie