Áiteanna Iontacha Aisteacha

Miralda Colombo

 

Máire Ní Chualáin a rinne an leagan Gaeilge

Leabhar do pháistí 8 – 12 bliana d’aois.

Tar linn ar aistear ar fud an domhain chun cuairt a thabhairt ar 15 iontas de dhéantús an duine. Ní inniu ná inné a tógadh cuid de na háiteanna iontacha aisteacha a fheicfidh tú ar an turas seo, ach na céadta nó na mílte bliain ó shin. Cuid eile acu is le déanaí a tógadh iad agus tá ceann amháin acu fós á tógáil, fiú. Is cuma ársa nó úrnua iad, tá áilleacht, éachtaí agus eachtraí ag baint le gach ceann acu: An Taj Majal, Machu Picchu agus Pirimid Chúfú ina measc.

ISBN 978-1-85791-988-2;  70Lch;  €15

 

Bileoga Gníomhaíochtaí

Tá pacáiste de bhileoga gníomhaíochtaí bunaithe ar Áiteanna Iontacha Aisteacha ar fáil le híoslódáil ar an leathanach seo.

Áis iontach atá ann don mhúinteoir a bheadh ag iarraidh an leabhar a úsáid sa seomra ranga. Tá leathanach ar leith le haghaidh gach aon cheann de na háiteanna iontacha sa leabhar seo, mar aon le crosfhocal, gníomhaíochtaí a bhaineann le foclóirí a úsáid agus léarscáil a léamh.