Gairdín Mháire na mBláth
Tatyana Feeney
Bronntanas breá samhraidh is ea Gairdín Mháire na mBláth, an saothar is déanaí ó Tatyana Feeney. Leabhar aoibhinn álainn é seo a chuirfidh gliondar ar an té a léifidh é. Scéal cairdis agus comhluadair is ea Gairdín Mháire na mBláth. Feiceann Máire na mBláth lá amháin nach bhfuil aon bhláthanna ag fás sa scoil áitiúil. Socraíonn sí dul chun na scoile agus cabhrú leis na daltaí gairdín scoile a chur. Oibríonn sí féin agus na páistí as lámha a chéile agus cuireann siad gairdín breá ag fás taobh leis an scoil. Ach cad faoi ghairdín Mháire féin? Níl cuma rómhaith air sin anois agus an.