An Braon Broghach

An Braon Broghach

Máirtín Ó Cadhain

Is sa dara cnuasach gearrscéalta seo, An Braon Broghach, a tháinig Máirtín Ó Cadhain chun aibíochta mar ghearrscéalaí. Ní hé go raibh sé tar éis a bhuaic mar scríbhneoir a bhaint amach – dáiríre, ní raibh sé ach ag tosú – ach bhí a thréimse phromhaidh istigh.

Is sa leabhar seo a chruthaigh Ó Cadhain a mháistreacht – ar an teanga agus ar an ábhar. Is ann a thug sé aghaidh den chéad uair ar an gcathair mar ábhar scríbhneoireachta.

Tá cuid dá ghearrscéalta ar sheoda na litríochta nua-aimseartha. Is é Cré na Cille an t-úrscéal is úire agus is bunúsaí a tháinig ó aon scríbhneoir Éireannach ó aimsir Joyce. D’athchruthaigh Ó Cadhain prós na Gaeilge agus d’fhág léitheoirí is scríbhneoirí na Gaeilge araon faoi chomaoin mhór aige. Fuair sé bás sa bhliain 1970.

ISBN 978-1-85791-227-2
€8.50