Maolíosa Ní Chléirigh / Kieron Black a mhaisigh
Ní maith le Seán, Róisín ná le Maggie a bheith i dtrioblóid lena dtuismitheoirí. Nach breá madra a bheith acu, mar sin. Is féidir leo an milleán a chur ar Dhrubal faoi gach rud dána a dhéanann siad féin! Filleann an feall ar an bhfeallaire, áfach agus tarlaíonn rud nach raibh coinne ag na páistí leis ar chor ar bith. Gabhann dlúthdhiosca fuaime leis an leabhar.