Suaimhneas sa Stábla

Suaimhneas sa Stábla

Gabrielle Ní Mheachair
Fergal O'Connor a mhaisigh

Is luchóg bheag é Seán. Níl rud ar bith a thaitníonn leis níos mó ná socrú síos ina nead agus codladh mór maith a dhéanamh. Ní mó ná sásta a bhíonn sé, mar sin, nuair a thagann cuairteoir isteach sa stábla gan choinne i lár na hoíche. An mbeidh Seán ábalta codladh na hoíche a fháil sa deireadh thiar thall? Scéilín deas is ea Suaimhneas sa Stábla agus é bunaithe ar na heachtraí a thit amach i stábla i mBeithil ar an gcéad Oíche Nollag.

Leabhar a oireann go seoigh don chomhléitheoireacht idir tuismitheoirí agus leanaí 6 bliana agus os a chionn.

ISBN 9781857919523
€8.50
Clúdach crua