Is iad athbheochan, iriseoireacht agus na meáin Ghaeilge, agus an cultúr cló, príomhréimsí taighde Regina Uí Chollatáin, agus tá cuid mhaith foilsithe aici in irisí acadúla agus cultúrtha in Éirinn agus go hidirnáisiúnta. Is é An Claidheamh Soluis agus Fáinne an Lae 1899-1932 (2004) a céad leabhar. Saothrú na Gaeilge scríofa i suímh uirbeacha na hÉireann 1700-1850 (comheag. le Liam Mac Mathúna 2017) agus Litríocht na Gaeilge ar fud an Domhain (comheag. 2015) an dá leabhar is déanaí dá cuid. Is í Cathaoir na Nua-Ghaeilge agus na Litríochta í sa Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath agus ba í Ceann Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis í idir 2015-2021.
Bhunaigh Regina MA Scríobh agus Cumarsáid (a bhfuil sí ina stiúrthóir air ó 2006 go nuige seo) sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus Lárionad de Bhaldraithe do Léann na Gaeilge (ina stiúrthóir air 2008-18) san ollscoil chéanna. Is ball í de Ghrúpa Stiúrtha an Ionaid Náisiúnta Barr Feabhais mar chuid de thogra an rialtais d’ardscileanna teanga (2013 ar aghaidh). Bronnadh ollúnacht chuairte shinsearach uirthi ó Fhondúireacht Ollscoileanna Éireann Cheanada 2012-13 agus bronnadh Comhaltacht Nicholas O’Donnell, Ollscoil Melbourne, uirthi ó Eanáir go Feabhra 2019.
Ba í an chéad chathaoirleach í ar an bhFóram uile-oileánda Forbartha Teanga (2014-17) agus bhí sí ina ball den Fhóram uile-oileánda Comhpháirtíochta Teanga (2014-17). Is ball í de Choiste Léann na Gaeilge, Litríocht na Gaeilge agus na gCultúr Ceilteach in Acadamh Ríoga na hÉireann; de Chomhairle Náisiúnta Bhéaloideas Éireann agus de bhord acadúil comhairleach Mhúsaem Litríochta na hÉireann, MoLI. Ó 2008 is ball bunaidh í d’Fhóram Nuachtáin agus Thréimhseacháin na hÉireann, agus ba í an cathaoirleach í idir 2016 agus 2019. Ba í an chéad chathaoirleach í ar Ghradaim Bhunchéime na hÉireann do phainéal na Gaeilge agus an Léinn Cheiltigh (2008-11), agus ba bhall í de chéad bhord stáit TG4 (2007-12). Is painéalaí rialta í ar chláir litríochta agus cúrsaí reatha, agus ar chláir faisnéise ar TG4, RTÉ Raidió na Gaeltachta, RTÉ agus BBC.
Is í Regina Uí Chollatáin, an Príomhoifigeach/ Déan nua ar Choláiste na nEalaíon agus na nDaonnachtaí sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath.
Is iondaí poiblí é Conor McGuinness a bhfuil cónaí air i nGaeltacht na nDéise in Iarthar Phort Láirge. Tá céim sa Ghaeilge bainte amach aige in Ollscoil na hÉireann Gaillimh, maraon le céim Mháistir san abhcóideacht phoiblí agus gníomhaíochas. Tá cúlra aige in earnáil an léirithe teilifíse. Tá obair déanta aige ar chláir do RTÉ agus TG4 agus rinne sé a thraenáil leis an gcomhlacht léiriúcháin neamhspleách Nemeton. Chaith Conor tréimhse i dTír na mBascach ag obair le daoine óga mar chuid de thionscadal oideachasúil trítheangach, áit a raibh deis aige dul i dtaithí ar pholasaithe agus ar ghníomhaíocht teanga na tíre sin. Is ball tofa é Conor de chuid Chomhairle Phort Láirge, ag déanamh ionadaíocht ar Ghaeltacht na nDéise, Dún Garbhán agus Iarthar Phort Láirge. Tá taithí aige mar chomhalta boird deonach tar éis dó bliain a chaitheamh mar bhall d’údarás na hollscoile in OÉ Gaillimh. Tá sé ina chomhalta boird agus leas-chathaoirleach le Comhar Creidmheasa Dhún Garbhán agus is oifigeach tofa é de chuid a cheardchumainn UNITE
Rugadh agus tógadh Maighréad i dTuaisceart Bhéal Feirste. D’fhreastail sí ar Ollscoil Uladh, áit ar bhain sí céim sa Ghaeilge amach. Chaith sí blianta ag obair mar Oifigeach Fhorbairt na Gaeilge i mBéal Feirste sula ndeachaigh sí go Coláiste Ollscoile Naomh Muire le Teastas Iarchéime Oideachais a bhaint amach.
Ceapadh Maighréad mar mhúinteoir Gaelscoile i scoil nua-bhunaithe ar imeall na cathrach, Gaelscoil Éanna, sa bhliain 2008. Chuaigh sí ar aghaidh chun Caílíocht Cheannasaíochta an Phríomhoide a bhaint amach agus bhí sí ceaptha mar phríomhoide sa scoil, atá go fóill ag fás agus ag forbairt i 2012.
Tá Maighréad ina ball de CLG Naomh Éanna agus ainmnithe ansin mar Oifigeach Chosaint an Leanaí. Tá Maighréad mar bhall de Shinn Féin le blianta beaga anuas agus suim mhór aici sa pholaitíocht.
Tá mac amháin ag Maighréad, agus tá dúil mhór acu beirt i gcursaí Gaeilge agus i gcúrsaí cultúrtha. Tá Maighréad an-ghníomhach in obair fhorbartha na Gaeilge agus i gcúrsaí Ghaelscolaíochta i gCathair Bhéal Feirste agus sa cheantar máguaird.
Saoririseoir agus cainteoir poiblí í Wuraola Majekodunmi, atá ina craoltóir le Raidió na Life. Is scríbhneoir í; déanann sí ábhar a sholáthar don Irish Times, Journal.ie, RTÉ.ie agus eile, agus tá roinnt oibre déanta aici le TG4. Bíonn Wuraola le feiceáil ar scáileáin TG4 is RTÉ go minic, ag labhairt faoi ábhair eagsúla a bhaineann leis an bpolaitíocht, cine agus an Ghaeilge. Bíonn sí le cloisteáil ar na stáisiúin raidió náisiúnta, RTÉ Raidió na Gaeltachta, RTÉ Radio 1, RTÉ 2FM agus BBC Radio Ulster san áireamh.
In 2018 bhí sí ina stiúrthóir ar an ngearrscannán “What does Irishness Look Like?” a fuair ardmholadh. Tá BA i mBéarla, sna Meáin agus i Staidéar Cultúrtha aici, mar aon le MA i dTáirgeadh Craolacháin ó Scoil Scannáin IADT. Tá ainmniúchán bainte amach aici le haghaidh “Réalt Óg na Bliana 2019” sna Gradaim Chumarsáide, agus ainmníodh í faoi dhó – i 2018 agus 2019 – le haghaidh Gradam Náisiúnta Meán na Mac Léinn sa chatagóir “Iriseoireacht trí Ghaeilge”. Is comhbhunaitheoir í de ‘Beyond Representation’, tionscnamh a thosaigh sí lena col ceathar agus cara, le cabhrú le buanna mná le dath in Éirinn a chur chun cinn.
Abhcóide is ea é Dáithí, le béim aige ar chúrsaí ceart teanga agus é i mbun na hoibre seo. Tá sé ina chomhordaitheoir dlí agus Gaeilge in Óstaí an Rí ó 2010. Riarann sé cúrsaí ard-dioplóma do chéimithe ar mian leo dul le gairmeacha leis an Aontas Eorpach mar dhlítheangeolaithe agus mar aistritheoirí dlíthiúla le Gaeilge, mar aon le cúrsaí sa dlí-chleachtadh trí Ghaeilge. Bhí sé páirteach san ollfheachtas chun stádas a bhaint amach don Ghaeilge mar theanga oifigiúil agus oibre den Aontas Eorpach. Bhí sé ina uachtarán ar Chonradh na Gaeilge idir 2005 agus 2008. D’fhoilsigh sé téacsleabhar ceannródaíoch le déanaí, An Ghaeilge sa Dlí, faoi stádas na Gaeilge in Éirinn agus san AE, faoi láthair agus go stairiúil, ina moltar leasuithe chun feabhais bunaithe ar an scothchleachtas idirnáisiúnta.
Rugadh agus tógadh Neasa Ní Chiaráin i mBaile Átha Cliath agus chaith sí cuid mhaith dá hóige in iarthar na tíre – sa Chlár, ach go háirithe. Bhí sí sa chéad rang riamh i Scoil Mológa agus chaith sí a blianta bunscoile ag bogadh ó fhoirgneamh go foirgneamh sula bhfuarthas suíomh buan. Cuireadh meánscolaíocht uirthi i gColáiste Ráithín, Bré, agus is anseo a thosaigh sí ag cur spéise sa ríomhaireacht agus sna nua-theangacha. D’fhreastail sí ar Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath mar ar bhain sí a bunchéim amach sa Ríomhtheangeolaíocht le Gearmáinis. Bhain sí Céim Máistir amach san Eolaíocht Chognaíoch i gColáiste na hOllscoile, BÁC, ina dhiaidh sin. Chaith sí bliain ag obair le Bard na nGleann i nGaeltacht Mhuscraí sular fhill sí ar Bhaile Átha Cliath agus ar Choláiste na Tríonóide chun tosú ar Chéim Dochtúra agus mar bhall d’fhoireann ABAIR.ie. Is ar Fhoghlaim Ríomhchuidithe Teangacha a dhírigh sí a tráchtas agus tá sí anois ag obair mar Ollamh Cúnta Ussher le Teicneolaíocht Urlabhra agus Teanga don Ghaeilge. Tá spéis ar leith aici sa cheol traidisiúnta. Tá sí pósta le Richard agus beirt pháistí óga acu, Caoilfhionn agus Oisín.
D’fhás Kevin aníos sa Spidéal i gConamara agus tá cónaí air i gceantar Chois Fharraige. Bhain sé céim onóracha amach san Eolaíocht in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh sa bhliain 2008. I ndiaidh na hOllscoile chaith sé blianta beaga ag plé leis an ghnó agus an fiontraíocht. Sheas Kevin mar iarrthóir faoi bhrat Shinn Féin sna toghcháin áitiúla i 2019 ach theip air suíochán a bhaint. Tá sé fostaithe anois mar chomhordaitheoir ar an Scéim Sóisialta Tuaithe i nGaeltacht Chonamara agus Maigh Eo a reáchtáiltear faoi choimirce Údarás na Gaeltachta. Tugann an Scéim Sóisialta Tuaithe deis d’fheirmeoirí agus d’iascairí beaga tacú leis an obair phobail atá ar siúl ina gceantair féin.
Rugadh agus tógadh Caoimhín ina áit chónaithe, Iarthar Bhéal Feirste. Bhain sé céimle hónóracha amach ar Ollscoil Uladh (Bainistiú Eastáit) chomh maith le dioplóma (Staidéar Tionsclaíoch). Ó d’fhág sé an ollscolaíocht, fuair sé taithí leathan ar rólanna éagsúla sa phobal in Iarthar Bhéal Feirste agus in áiteanna eile in earnáil na Gaeilge agus in earnáil an Bhéarla. Bhí baint lárnach aige le tograí pobail straitéiseacha agus é freagrach fosta as cistí pobail shuntasacha a mhealladh agus a bhainistiú. Bhí Caoimhín sé bliana ina chomhairleoir ag Sinn Féin (Uachtar na bhFál). Tá sé fostaithe ó bhí 2010 ann mar phríomhfheidhmeannach ag Ciste Infheistíochta na Gaeilge, agus ciste rathúil infheistíochta caipitil pobail á bhainistiú acu do phobal na Gaeilge. Fuair Gerry Adams bunchiste s’acu mar chuid de Chaibidlíocht na Síochána an bhliain chéanna. I gcomhar lena bhord stiúrthóireachta, bhí ról ceannais aige maoiniú caipitil a sholáthar do bhreis agus tríocha togra caipitil straitéiseach Gaeilge sa Tuaisceart agus infheistíocht de bhreis agus £20m déanta acu i mbonneagar an phobail. Is maith le Caoimhín bheith ag taisteal, ag rothaíocht agus ag tomadóireacht scúba.
Rugadh agus tógadh Freda taobh amuigh de Bhaile Átha Luain, i gCo. na hIarmhí. Tá BA sa Nua-Ghaeilge agus sa Cheol aici ó Choláiste na hOllscoile Corcaigh, Dioplóma Iarchéime i Riarachán na nEalaíon ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus MA i Léann an Aistriúcháin ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh. Chaith sí tréimhse oiliúna leis an gCoimisiún Eorpach sa Bhruiséil agus tá an Séala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí bainte amach aici chomh maith.
Chuir Freda tús lena gairmréim i gComhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar Shráid Chill Dara, agus tá gort na Gaeilge agus an chultúir á threabhadh aici ó shin. D’oibrigh sí mar oifigeach forbartha Gaeilge i gComhairle Contae Ros Comáin, chaith sí sealanna éagsúla ag obair sa Taibhdhearc, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, mar riarthóir, mar bhainisteoir agus mar stiúrthóir ealaíne, agus bhí sí ina príomhfheidhmeannach le Gnó Mhaigh Eo. Sular tháinig paindéim Covid-19 bhí Freda ag feidhmiú mar oifigeach cumarsáide Gaeilge le Gaillimh 2020, Príomhchathair Chultúir na hEorpa, agus ó shin i leith tá sí ag obair mar shaoraistritheoir.
Sa bhreis ar a hobair ghairmiúil, d’oibrigh Freda ar feadh na mblianta ar choistí féilte éagsúla, Féile Ealaíon Chathair na Mart agus Féile Chruite Acla ina measc. Tá seónna ardáin léirithe aici, ina measc, dráma nuascríofa ar shaol an Mhaoir Seán Mac Giolla Bhríde, a coimisiúnaíodh go speisialta mar chuid de chomóradh 100 bliain 1916-2016.
Is ceoltóir í Freda a bhfuil a cuid ceoil seinnte aici ar fud an domhain, bhuaigh sí Craobh Uile-Éireann ar an gcruit ag Fleadh Cheoil na hÉireann agus ag Féile Chruite Uí Chearbhalláin, Céideadh, Co. Ros Comáin, chum sí agus sheinn sí ceol le Branar Téatar do Pháistí, agus chuir sí an clár Geantraí i láthair ar TG4.
Is as Gaeltacht Mhúscraí í Liadh Ní Riada. Iar-Fheisire Eorpach í do Shinn Féin sa tréimhse 2014-2019 ag déanamh ionadaíocht ar an toghcheantar Éire Theas. Bhí Liadh ina comhordaitheoir ar an gCoiste um Buiséid, ina comhalta den Choiste um Iascach agus ina comhalta den Coiste um Chultúr agus Mionteangacha. Chaith sí blianta ag obair ina léirithóir agus stiúrthóir le RTÉ agus TG4 agus bhí sí ina comhalta den choiste bunaithe a chuir TG4 ar an bhfód. Tar éis di éirí as mar oifigeach pleanála teanga don limistéar Gaeltachta Múscraí, ceapadh í ina bainisteoir agus stiúrthóir ar Ionad Cultúrtha an Dr Ó Loinsigh, atá suite i mBaile Bhuirne. Tá Liadh pósta le Nicholás Ó Fuaráin agus ina máthair ar thriúr iníochacha. Tá cónaí uirthí lena clann i mBaile Bhuirne.
Chaith Doiminic cúig bliana is fiche mar mhúinteoir Gaeilge in earnáil na meánscolaíochta sa Tuaisceart, dhá bhliain acu mar oifigeach Gaeilge don Bhord Oideachais agus Leabharlann i gcontaetha Ard Mhacha, an Dúin agus Thír Eoghain.
Bhí sé i measc bhunaitheoirí Thí Chulainn ar an Mhullach Bhán agus b’eisean a chuir Coláiste Bhlinne, scoil samhraidh Gaeilge do dhaoine óga, ar bun i gCamloch. Léirigh sé go leor drámaí Gaeilge do dhéagóirí agus do dhaoine fásta agus chaith sé roinnt blianta mar Rúnaí Uladh ar an Chumann Scoldrámaíochta; ba bhall é fosta de Choiste Náisiúnta an Chumainn agus de Choiste Náisiúnta Chomhar na Múinteoirí Gaeilge.
Bhí sé ina eagarthóir oideachais leis an nuachtán Lá ar feadh deich mbliana agus ina cholúnaí Gaeilge ag roinnt nuachtáin áitiúla i gceantar an Iúir. Mar bhall de mheitheal múinteoirí d’fhoilsigh sé sraith leabhar Gaeilge do mheánscoileanna an Tuaiscirt agus chuir sé amach ábhar d’fhoghlaimeoirí faoin chomhlacht Míle Fáilte.
Tá Doiminic ina bhall de Chraobh Sheosamh Uí Bhrolcháin de Chonradh na Gaeilge agus teagascann sé Gaeilge d’fhoghlaimeoirí fásta sa bhaile agus i gcéin. Tá baint aige le Gaeláras Mhic Ardghail mar iontaobhaí.
Chaith sé trí bliana déag mar Chomhalta de Thionól Thuaisceart Éireann agus é ina bhall de réimse coistí ann – Coiste an Airgeadais, Coiste an Oideachais, agus an Coiste Ealaíona Cultúir agus Fóillíochta ina measc.
Tá céimeanna sa Ghaeilge agus sa Bhéarla aige ó Ollscoil na Ríona, Béal Feirste, agus ó Ollscoil Uladh i gCúil Raithin.
Rugadh agus tógadh Ian i nDoire. Fuair sé a chuid scolaíochta in St
Columb’s College, áit ar fhoghlaim sé a chuid Gaeilge, agus tá céim ónórach aige sa stair ó Peterhouse, Ollscoil Cambridge. Tá taithí fhada ag Ian in earnáil an ghnó, agus chaith sé a shaol gairme i ngnó a theaglaigh, Doherty Meats, áit a bhfuil sé go fóill ag obair mar Stiúrthóir Neamh-Fheidhmiúcháin. Tá taithí fhairsing aige chomh maith ag obair ar bhoird stiúrtha in earnálacha an ghnó, san earnáil chathartha, agus san earnáil phoiblí i dTuaisceart Éireann, lena n-áirítear Cathaoirleachtaí ar Northern Ireland Transport, ar Green Park Hospital Trust, ar Chlub Peile Chathaoir Dhoire, agus ar Derry Playhouse; mar aon le rólanna eile boird ar Sheanad Ollscoil na Ríona, Béal Feirste, ar United Dairy Farmers, ar Choimisiún na Seirbhíse Cathartha i dTuaisceart Éireann, ar iontaobhas Fhondúireacht Chatharnachta Lloyds/TSB,
agus ar bhord gobharnóirí St Columb’s College, Doire.